There were 1,702 press releases posted in the last 24 hours and 402,388 in the last 365 days.

Maoiniú €500,000 fógartha ag Creed chun Clár Prionsabal Barainneach a chur i bhfeidhm d'Fheirmeoirí Muc

Maoiniú €500,000 fógartha ag Creed chun Clár Prionsabal Barainneach a chur i bhfeidhm d'Fheirmeoirí Muc

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. maoiniú €500,000 inniu chun Clár Prionsabal Barainneach a chur i bhfeidhm d'Fheirmeoirí Muc.

Dúirt an tAire Creed: "Mar earnáil a bhfuil sé cruthaithe aici le blianta beaga anuas gur earnáil thar a bheith láidir í, cuideoidh glacadh na bprionsabal gnó barainneach le feirmeoirí muc tuilleadh feidhmíochta agus iomaíochta a bhaint amach gan cur isteach ar leas ainmhithe ná ar na prionsabail a bhaineann le caighdeán bia atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an earnáil. Mholfainn go mór d'fheirmeoirí muc an deis ar leith seo le dul ag obair go díreach le saineolaithe ar Bharainneacht ar a gcuid feirmeacha a thapú."

Tríd an gclár seo a phríomhshruthú, tugtar ceann de na príomh-mholtaí a bhí i dtuarascáil Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Thionscal na Muc, a raibh an Dr Seán Brady ina chathaoirleach air, chun críche. D'éirigh go maith le clár píolótach, a raibh comhoibriú idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Bord Bia, Teagasc agus Fiontar Éireann i gceist leis, agus tá maoiniú breise á chur ar fáil ag an Roinn anois chun an clár a chur i bhfeidhm níos forleithne.  Is é is cuspóir leis an gclár seo ná tacú le glacadh na bprionsabal déantúsaíochta Barainní chun feabhsúcháin oibríochta agus éifeachtachta a bhaint amach ag leibhéal feirme do tháirgeoirí muc.

Beidh teacht ag táirgeoirí muc in Éirinn atá ina mbaill de Scéim Dearbhú Cáilíochta Muiceola Bord Bia ar an gclár.  Oibreoidh rannpháirtithe an chláir le painéal de chomhairleoirí barainneachta atá bunaithe ag Bord Bia agus Teagasc chun meascán de thionscadail Lean Start agus Lean Plus ar an bhfeirm a chur ar fáil.

Is éard a dúirt Príomhfheidhmeannach Bord Bia Tara McCarthy: "Fáiltím roimh chur i bhfeidhm an Chláir Prionsabal Barainneach do Phríomhtháirgeoirí Muc a d'eascair as chomh maith is a d'éirigh leis an gclár píolótach i measc 29 dtáirgeoir muc. Cuireann an tionscnamh barainneach seo le Scéim Dearbhú Cáilíochta Muiceola Bord Bia (QPAS) trí chúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a bheith níos dírithe ar chostais agus ar phróisis chomh maith le riachtanais an mhargaidh agus éilimh thomhaltóirí a shásamh ag an am céanna.

 

Chuir Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle fáilte roimh an gcur i bhfeidhm chomh maith agus dúirt: "Tá ríméad ar Teagasc a bheith páirteach sa tionscadal seo a d'eascair as chomh maith is a d'éirigh leis an gclár píolótach, a raibh baint ag foireann Aistrithe Eolais Teagasc sa rannóg forbartha muc leis.  Tá earnáil láidir muc in Éirinn agus is earnáil í ina bhfuil éifeachtacht agus costais tháirgeachta ríthábhachtach le go mairfidh sí. Tá ról ag prionsabail bharainneacha chun iad sin a fheabhsú don earnáil muc."

 

 

Nóta d'eagarthóirí:

 

Fealsúnacht gnó é 'Gnó Barainneach' a thugann faoi dheireadh a chur le cur amú i ngach próiseas gnó ar bhonn leanúnach i ngach próiseas gnó trí fheabhas beag agus de réir a chéile a dhéanamh. Sna 1950í sa tSeapáin a forbraíodh ar dtús é agus tá tuilleadh forbartha curtha ag tíortha agus ag eagraíochtaí éagsúla ar an mbunchoincheap ó shin i leith.

 

  • Foirm iarratais
  • Sonraí teagmhála chun iarratas a chur ar aghaidh
  • Sonraí teagmhála Chomhairleoirí Teagasc

Creed announces funding of €500,000 for the roll out of a Lean Principles Programme for Pig Farmers 

CRÍOCH

Date Released: 01 May 2019