There were 1,267 press releases posted in the last 24 hours and 401,203 in the last 365 days.

Deimhnithe ag an Aire Creed go bhfuil Deontais le haghaidh Fuinneamh Inathnuaite d'Fheirmeacha, ar fiú €10 milliún iad, oscailte anois

Infheistíochtaí i bhfuinneamh inathnuaite ar fáil den chéad uair faoin Scéim Beartais Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS)

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go n-osclófar an tráinse is déanaí den Scéim Beartais Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS) d'iarratais le héifeacht ó amárach, Dé Sathairn an 6 Aibreán. Beidh an tráinse seo ar oscailt go dtí mí Iúil agus beidh tacaíochtaí i leith bearta fuinnimh inathnuaite ar an bhfeirm san áireamh ann den chéad uair. Dúnfaidh an tráinse reatha anocht ag meán oíche agus is léiriú ar an tsuim mhór atá sa scéim seo i gcónaí an breis is  2,250 iarratas atá faighte cheana féin.

Dúirt an tAire “Tá ríméad orm faoin tsuim atá fós á léiriú sa tsraith seacht mbeartas atá ar fáil faoi scéim TAMS. Tá níos mó ná 24,000 iarratas faighte faoin scéim go dtí seo lena n-áirítear 2,250 iarratas go dtí seo faoi Thráinse 13. Tá breis agus €121.7m íoctha le feirmeoirí faoin Scéim go dtí seo agus íoctar €1.5m ar an meán in aghaidh na seachtaine.

Chomh maith leis sin, leag an tAire béim ar leasuithe a rinneadh ar an scéim lena n-áirítear:

  • An fógra go mbeidh araidí mine ina n-infheistíocht incháilithe ar an liosta earraí atá ar fáil do gach earnáil faoi TAMS II.
  • Córas Fótavoltach Gréine a Shuiteáil ar fheirmeacha - is é sin an deontas atá ar fáil faoi láthair faoin scéim a leathnú go dtí gach earnáil. Beidh cúnamh deontais le linn na céime píolótaí ar fáil i leith 40% nó suas le 60% i gcás feirmeoirí óga cáilithe chun costas an chórais ghréine 6kWp a mhaoiniú.
  • Go gcaithfidh gach solas a bheidh maoinithe faoin scéim seo a bheith ina sholas LED. Ní úsáideann Soilsiú LED ach beagán den leictreachas a úsáideann gnáthshoiliú agus mar sin, ní dhéanfar cúnamh deontais a bhronnadh ach i ndáil le soilse LED agus sin amháin.
  • Tá athbhreithniú déanta ar chóras pionóis TAMS II chomh maith maidir le héilimh íocaíochta a chur ar aghaidh déanach chun go mbeidh níos mó solúbthachta i gceist agus chun go dtabharfar pionóis ghrádaithe isteach faoi iarratas a chur ar aghaidh déanach.

Dúirt an tAire ar deireadh “Cuirimid fáilte mhór roimh dhíograis fheirmeoirí na hÉireann infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí inathnuaite feirme. Tá cluas tugtha agam lena gcuid tuairimí agus táim chun roinnt infheistíochtaí i bhfuinnimh inathnuaite agus infheistíochtaí atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de a chur ar fáil den chéad uair. Cuirfidh siad seo leis na teicneolaíochtaí reatha a ndéantar a mhaoiniú faoin scéim. Mholfainn do gach feirmeoir leas a bhaint as na deontais atá ar fáil lena chinntiú go ndéanfaidh an earnáil talmhaíochta a cuid féin i ndáil leis an aistriú chuig geilleagar agus sochaí isealcharbóin in Éirinn.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Cuirtear cúnamh deontais ar fáil cheana féin do líon infheistíochtaí atá dírithe go sonrach ar éifeachtacht fuinnimh san earnáil feirmeoireachta a fheabhsú faoi TAMS II. Áirítear ar na samplaí - Fuaraitheoirí plátaí, Aonaid Aistrithe Teasa agus Déantóirí Oighir Inmheánacha don Earnáil Déiríochta. Cuirtear cúnamh deontais ar fáil faoin Scéim Infheistíochta Muca agus Éanlaithe agus faoi Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Óga do choirí bithmhaise, pillíní teasa leictreacha, soilse éifeachtachta fuinnimh LED, córais teasa neamhdhíreacha, painéil ghréine chun uisce a théamh agus chun leictreachas a ghiniúint, feananna aeraithe agus córais rialaithe, insliú le haghaidh doirse, díonta agus ballaí, caidéil teasa le foinse aeir agus aonaid aisghabhála teasa

Tugtar modúil fhótavoltacha ghréine (PV) ar phainéil ghréine a ghineann leictreachas DC nuair a fhaigheann siad grian. Ní mór an leictreachas ar fad a ghintear ar an bhfeirm a úsáid chun críocha talmhaíochta.

Is ionann an buiséad atá leithdháilte do TAMS II thar thréimhse iomlán an RDP agus €395m. Is ionann buiséad na bliana 2019 agus €70 milliún.

Tá réimse de sheacht mbeart i ndáil le hinfheistíochtaí feirme ar fáil faoi scéim TAMS atá oscailte le haghaidh iarratas i dtráinsí comhleanúnacha trí mhí. Meabhraítear d'fheirmeoirí más rud é go bhfuil ceadú acu faoi TAMS cheana féachaint ar na dátaí ábhartha ar a gcuid litreacha ceadaithe agus a chinntiú go gcuirfear éilimh íocaíochta isteach roimh an sprioc-am a bhaineann le hábhar. Is féidir éilimh a dhéanamh ar an gcóras ar líne chomh luath agus a bheidh an obair atá ceadaithe curtha i gcrích le go mbeifear in ann éilimh a íoc go pras.

Tá na sonraí ar fad an bhaineann le bearta TAMS II ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/tams/

Is féidir teacht ar an Rannóg TAMS ar an nguthán ag 0761 064452

Renewable energy grants scheme‌ 

CRÍOCH

Date Released: 05 April 2019