There were 1,674 press releases posted in the last 24 hours and 400,458 in the last 365 days.

Aitheantas tugtha ag an Aire Creed d'Ambasadóir na Síne chun na hÉireann Yue Xiaoyong

Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. le hAmbasadóir na Síne chun na hÉireann, Yue Xiaoyong, inniu roimh a Mhisean Trádála chuig an tSín i mí Bealtaine. Thapaigh an tAire an deis chun aitheantas a thabhairt don Ambasadóir Yue Xiaoyong sula dtabharfaidh sé a mhisean chun na hÉireann chun críche an mhí seo. 

 

Is éard a dúirt an tAire Creed maidir leis an gcruinniú: "Thapaigh mé an deis mo bhuíochas a ghabháil leis an Ambasadóir Yue as an obair chrua atá déanta aige agus as a chairdeas le linn a théarma in Éirinn. Chuir an cúnamh a thug an tAmbasadóir go mór leis an gcaidreamh atá idir Éire agus an tSín, go háirithe, ó thaobh an Agraibhia de.  Ba mhór an taca an tAmbasadóir Yue in Éirinn chun gur éirigh le hÉirinn rochtain a fháil ar mhargadh mairteola na Síne le bliain anuas. “

 

Dúirt an tAire freisin; "beidh mé ar ais sa tSín an mhí seo chugainn, an tríú huair agam ann mar Aire Talmhaíochta le toscaireacht trádála Agraibhia suntasach eile. Phléigh mé mionsonraí na cuairte leis an Ambasadóir. Mar chuid den chuairt freastalófar ar Sheó Trádála SIAL i Shanghai.  Lorg mé an t-eolas is déanaí freisin maidir le ceaduithe, atá fós le cur i gcrích, do roinnt monarchana mairteola de chuid na hÉireann chun onnmhairiú a dhéanamh chuig an tSín, chomh maith leis an iarratas atá déanta ag an Roinn chun teacht a bheith aici ar an margadh caoireola.

 

Chinese Ambassador H.E Yue Xiaoyong to Ireland

 

CRÍOCH

Date Released: 04 April 2019