There were 1,905 press releases posted in the last 24 hours and 399,322 in the last 365 days.

Ceapann an tAire Creed Dan MacSweeney mar Cathaoirleach an Bhoird Bhia

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu gur cheap sé Dan MacSweeney mar Chathaoirleach an Bhoird Bhia.

Dúirt an tAire Creed; “Tá gliondar croí orm Dan MacSweeney a cheapadh le post Chathaoirleach an Bhoird Bhia. Duine ar leith é Dan agus tá saibhreas eolais agus taithí aige ar earnáil agraibhia na hÉireann. Aithnítear go forleathan an cháil atá ar Dan i dtaobh gnó rathúil idirnáisiúnta agraibhia a fhorbairt, agus an buntáirgeoir a chur i gceartlár na samhla gnó. Táim muiníneach go soláthróidh sé ceannaireacht agus treoir nuálach straitéiseach don Bhord Bia”.

Chuaigh Dan MacSweeney, céimí san Eolaíocht Bia ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ar scor le déanaí mar POF Carbery Group, atá bunaithe i mBéal Átha Fhínín in Iarthar Chorcaí. Bhí Dan ina POF ar Carbery Group ó 1992 ar aghaidh, agus chomhlíon sé príomhról chun an chuideachta a chlaochlú ó  ghnólacht déirí ina ghnólacht idirnáisiúnta cáise, cothaithe agus comhábhair bhia a rinne infheistíochtaí substainteacha i mblasanna agus úisc nádúrtha. D’fhóin Dan ar roinnt Bord roimhe seo, Bord Teagasc agus Bord Ornua ina measc.

Lean an tAire Creed le hómós a léiriú don Chathaoirleach atá ag dul as oifig, Michael Carey.  “Is mian liom buíochas a ghabháil le tiomantas Michael Carey do chathaoirleacht a dhéanamh ar an mBord Bia le roinnt blianta anuas. Bhain a thaithí ghnó, an chathaoirleacht éifeachtach a rinne sé ar an mBord agus a obair leis an eagraíocht, go háirithe maidir leis an gclár inbhuanaitheachta agus Origin Green, torthaí infheicthe amach.”

Dúirt an tAire mar fhocal scoir, “cuirfear dúshláin mhóra romhainn sna chéad trí bliana eile amach romhainn, go háirithe i gcomhthéacs Brexit, agus bainfidh an Bord Bia tairbhe ó leanúint ar aghaidh le ceannaireacht láidir a ghlacadh.  Guím gach rath ar Dan sa ról ceannaireachta seo chun tionscal bia agus dí na hÉireann atá faoi thionchar an mhargaidh a chur chun cinn.”

Nóta d’Eagarthóirí:

Mairfidh an post ar feadh tréimhse 3 bliana agus rinneadh an ceapachán i ndiaidh próiseas iomaíoch a bhainistigh an SCP (an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí).

 

CRÍOCH

 

Seoladh an ríomhphost seo chugat mar gheall go ndearna tú idirchaidreamh linn roimhe seo nó léirigh tú gur spéis leat a bheith san áireamh ar ár liosta seoltaí. Mura mian leat ríomhphoist ina bhfuil sonraí faoi phreaseisiúintí a fháil a thuilleadh, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, trí ríomhphost a sheoladh chuig press@agriculture.gov.ie agus scríobh  ‘díliostáil’ sa líne ábhair agus bainfimid thú ónár dtaifid.

Date Released: 26 January 2018