There were 1,819 press releases posted in the last 24 hours and 399,429 in the last 365 days.

An tAire Creed ina Chathaoirleach ar Fhóram Déiríochta - Béim leagtha ag an bhFóram ar Thodhchaí na hEarnála

D'óstáil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., an tríú cruinniú den Fhóram Déiríochta le príomhpháirithe leasmhara ó earnáil déiríochta na hÉireann inné. Cuireann an Fóram cur chuige straitéiseach comhoibríoch ar fáil, cur chuige a bhfuil Clár an Rialtais tiomanta dó.

Dhírigh comhráití an lae inné go mór ar an gcur chuige straitéiseach. Bhain an méid a bhí le rá ag comhlachtaí atá ionadaíoch ar fheirmeoirí, ag bainc, ag ionadaithe earnála agus gníomhaireachtaí stáit le réimse ábhair ón mBreatimeacht go saincheisteanna margaidh, riachtanais oibre agus airgeadais a thiocfaidh chun cinn nuair a leathnóidh an earnáil déiríochta agus an bhféadfaí lipéadú 'féar-chothaithe' a thabhairt isteach sa mhargadh amach anseo. 

Rinneadh bearta sonracha a shocrú i roinnt réimsí. Maidir le saincheisteanna margaidh, thug Bord Bia tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le mórchleachtadh tosaíochta margaidh a d'iarr an tAire. Tá liosta de na margaí déiríochta tosaíochta a dtabharfar aghaidh orthu ar dtús curtha i dtoll a chéile agus cuirfear tús leis an diananailís ar dheiseanna sa mhargadh faoi mhí na Samhna.  Socraíodh chomh maith go mbainfeadh Bord Bia leas as an eolas atá aige ar an margadh lena fháil amach an bhféadfaí lipéadú féar-chothaithe a thabhairt isteach.

Maidir le hobair feirme, socraíodh go mbunódh Teagasc grúpa páirtithe leasmhara faoi chathaoirleacht IarArd-Rúnaí na Roinne, Tom Moran, chun réimse moltaí a rachaidh i ngleic leis an easpa oibrithe feirme a chur i bhfeidhm. Is éard a dúirt an tAire Creed maidir leis an dul chun cinn:

"Táthar ag díriú le déanaí ar an easpa oibrithe atá ar fáil d'fheirmeoirí déiríochta agus beidh sé sin ar cheann de na dúshláin a bhaineann leis an leathnú ar an earnáil. Tá go leor oibre déanta ag an Roinn, ag Teagasc agus ag an tionscal cheana féin ina leith seo, agus leagfaidh bunú an ghrúpa seo, a bheidh faoi chathaoirleacht fhear a bhfuil an-chur amach aige ar na cúrsaí seo, béim nua ar na hiarrachtaí sin."  “

Roinneadh tuairimí leis na príomhbhainc agus rinne Ornua cur i láthair ar mar a bheidh cúrsaí margaidh an bhliain seo chugainn freisin. Dúirt an tAire Creed: 

"Ceann de na tosaíochtaí atá agam faoi Chlár an Rialtais ná go mbeadh teacht ag an earnáil ar tháirgí airgeadais ar chostas níos ísle agus níos solúbtha.  Leanfaidh mé orm ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad, lena n-áirítear an earnáil baincéireachta, chun a chinntiú go mbeifear chomh solúbtha agus is féidir  i gcás feirmeoirí le go mbeidh cúnamh acu a ngnóthaí a bhainistiú i dtimpeallacht luaineach.

Ar deireadh dúirt an tAire Creed:

Tá cuma mhaith ar an margaidh déiríochta sa mhéantréimhse. Ach, beidh tionchar mór fós ag nithe inathraitheacha ar nós soláthar domhanda, praghsanna grán agus ola, saincheisteanna geopholaitiúla agus airgeadra ar phraghsanna. Is modh thar a bheith tábhachtach atá sa bhfóram seo chun na dúshláin agus na deiseanna straitéiseacha atá roimh an earnáil a aithint. Creidim go bhfuil dul chun cinn maith déanta againn i leith roinnt de na saincheisteanna sin, agus cuirim fáilte ollmhór roimh rannpháirteacht thairbheach na bpáirtithe leasmhara ar réimse ábhar a mbeidh tionchar acu ar an tionscail seo amach anseo.

CRÍOCH

Date Released: 26 September 2017