There were 1,268 press releases posted in the last 24 hours and 401,204 in the last 365 days.

Beart Tacaíochta um Chailliúint Barr mar gheall ar chúrsaí Aimsire do Shaothróirí fógartha ag an Aire Creed

D’fhógair Michael Creed TD, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara oscailt birt tacaíochta spriocdhírithe um chailliúint barr inniu chun cúnamh leis na saothróirí ba mhó a bhí buailte leis an bhfliuchras le linn bhuaint na mbarr i mí Mheán Fómhair na bliana 2016.

Ag labhairt dó ag seoladh an bhirt, dúirt an tAire “Cé go bhfaca go leor feirmeoirí dúshláin deacra anuraidh, bualadh roinnt feirmeoirí gránach go trom nuair a chonaic siad buaint rí-dheacair agus caillteanais bharr dá toradh i leith roinnt barr a cuireadh san earrach. Dúirt an tAire leis ‘is earnáil fhíorthábhachtach í seo do gheilleagar na talmhaíochta, ag tabhairt rannchuir nach beag d'earnáil an bhia agus na n-ábhar beatha. Dúirt mé riamh anall go raibh an toil ann chun tacú leis na feirmeoirí úd, ba é an dúshlán ná chun a chinntiú gur díríodh agus gur spriocdhíríodh an tacaíocht orthu siúd ba mhó a bualadh, agus caiteachas stuama an airgeadais phoiblí a chinntiú ag an am céanna.   Táim sásta go bhfuiltear tar éis teacht ar bhealach éigin anois - trí chomhrá agus comhphlé dearfach.  Táim sásta go dtugtar aghaidh ar na riachtanais sin leis an mbeart €1.5 milliún mar uasmhéid don scéim.

Soláthrófar leis an mbeart seo ranníocaíocht airgeadais le costas na gcaillteanas i mbarra gránaigh an earraigh d’os cionn 30% de réir barr, faoi mar a chonacthas i measc na saothróirí. Dheimhnigh an tAire Creed go mbeidh foirmeacha iarratais lena n-áireofar mionsonraí um incháilitheacht don Bheart Tacaíochta um Chaillteanas Barr ar fáil ar láithreán gréasáin a Roinne ón lá inniu ar aghaidh (Dé Céadaoin 26 Iúil) ag an nasc seo a leanas: https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/

agus ó líonra oifigí áitiúla na Roinne ón dáta céanna. Is é Dé hAoine 25 Lúnasa an spriocdháta d’iarratais.

D'athdhearbhaigh an tAire Creed a thiomantas don earnáil lena n-áirítear cistiú náisiúnta a sholáthar chun ligean do síneadh “na Scéime Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid sa Talmhaíocht” d’fheirmeoirí curaíochta.  Léirítear sna sonraí is déanaí is infhaighte ón SBCI i leith tarraingt síos ag deireadh mhí an Mheithimh gur soláthraíodh €7.739 milliún d’iasachtaí iomlán d’earnáil na curaíocht (i gcomhréir le méid choibhneasta na hearnála).

Soláthraítear tríd an scéim iasachta foinse sholúbtha caipitil oibre ag costas íseal, agus ligfidh sí d’fheirmeoirí chun cineálacha fiachais ghearrthéarmaigh níos costasaí eile a íoc, rud a chinnteoidh inbhuaine airgeadais leanúnach na bhfiontar feirmeoireachta inmharthana.

D’fhógair an tAire Creed leis an Scéim Infheistíochta Curaíochta faoi TAMS II, a osclaíodh d’iarratais ar líne Dé Céadaoin 8 Márta 2017. Áirítear leis na limistéir shonracha infheistíochta Trealamh Curaíochta Suaite Íosta, Spraeirí, Bailiú Báistí, Stóráil Gránaigh agus Triomairí Gránaigh. Is í an Scéim Churaíochta seo an ceann is déanaí de na Scéimeanna Spriocdhírithe um Nuachóiriú (TAMS II) le seoladh faoin gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020. Comhchistítear an Scéim ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD).  Ba é Dé hAoine 30 Meitheamh 2017 an spriocdháta d’iarratais faoin gcéad tráthchuid den scéim nua.  Tá an dara tráthchuid ar oscailt i láthair na huaire.  Tháinig leibhéal suntasach spéise sna hinfheistíochtaí faoin mbeart sin, le 400 iarratas faighte san iomlán sa chéad tráthchuid.

B’éard ba thoradh leis an iliomad beart a bhí ar fáil faoi GLAS d'fheirmeoirí curaíochta lenar áiríodh Clúdach d’Éin Fhián, Clúdach Glas srl. gur glacadh go maithe leis an Scéim GLAS i measc na bhfeirmeoirí curaíochta.

Dúirt an tAire Creed mar fhocal scoir “Nuair a chuirtear an beart tacaíochta nua seo le chéile leis an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid Talmhaíochta a thug mé isteach an fómhar seo caite agus freisin an scéim infheistíochta Curaíochta reatha faoi TAMS II; is amhlaidh a sholáthróidh siad tacaíocht nach beag don earnáil bhunriachtanach seo, agus beidh siad mar bhonn taca faoi mo thacaíocht leanúnach chun a todhchaí a shlánú.”

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 144/2017 (pdf 370Kb) 

Date Released: 26 July 2017