There were 1,824 press releases posted in the last 24 hours and 399,436 in the last 365 days.

Deir an tAire Creed "ní neart go cur le chéile" ag Plé Iascaigh Brexit

Chur an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., Plé Iascaigh Brexit ar siúl inniu i nGaillimh mar chuid d'fhéile ceithre lá ina mbeidh imeachtaí de théama muirí ar siúl, Comhdháil Bhia Mara Náisiúnta BIM agus Féile na Mara – féile náisiúnta mhuirí na hÉireann ina measc.

Sholáthair an tAire Creed, aitheasc tosaigh an Phlé agus rinne na príomhcheannairí thionscal iascaigh na hEorpa - Niels Wichmann, Cathaoirleach Chomhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh agus Emiel Brouckaert, Cathaoirleach Chomhairle Chomhairleach Uiscí an Iar-Thuaiscirt, cuir i láthair ina dhiaidh sin.

Cuireadh plé painéil ar siúl ina dhiaidh sin, a dhírigh ar na saincheisteanna féideartha a tháinig chun solais ó Brexit don earnáil bhia mara.  Ba iad na daoine a bhí sa phainéal seo an tUasal Wichmann agus an tUasal Brouckaert, anuas ar ionadaithe de Thionscal Iascaireachta na hÉireann; Seán O’Donoghue d’Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga, Patrick Murphy de chuid an IS&WFPO, Hugo Boyle de chuid an ISEFPO agus Lorcán Ó Cinnéide de chuid an IFPEA.

Dúirt an tAire Creed inniu “Díríonn Comhdháil Náisiúnta Bhia Mara BIM agus Féile na Mara ar ár n-acmhainní mara agus na deiseanna go léir a sholáthraíonn siad dúinn a cheiliúradh. Mar chuid den fheasacht sin, caithfimid anois breithniú a dhéanamh, chomh maith leis sin, ar cén tionchar féideartha a imreoidh Brexit ar ár dtionscal iascaigh mhara. Deis an-luachmhar eile a sholáthair plé an lae inniu ná chun idirchaidreamh a dhéanamh lenár bpáirtithe leasmhara iascaigh”.

Lean an tAire ar aghaidh lena rá “Tugadh chun solais arís eile sa phlé inniu fíor-bhuarthaí an tionscail iascaireachta maidir le tionchar féideartha Brexit.  Táim an-bhuíoch de na daoine a rinne cur i láthair agus de chomhaltaí an phainéil a sholáthair faisnéis chasta ar bhealach an-soiléir.”

Ina aitheasc tosaigh, labhair an tAire Creed ar an dá phríomhchuspóir – scaireanna reatha cuótaí agus cearta reatha rochtana a choimeád.  Dúirt an tAire Creed “Cuirfear go láidir in aghaidh aon iarrachtaí chun srian a chur ar ár gcearta agus teidlíochtaí reatha agus seo an fáth a éileoidh mé gur gá d’iascaigh bheith mar chuid de na hidirbheartaíochtaí trádála níos fairsinge.”

Labhair an tAire, chomh maith leis sin, ar an bplé a rinne sé le Príomh-Idirbhearta an AE, Michel Barnier, agus dúirt go “(d)tuigeann sé go soiléir na saincheisteanna agus an tábhacht a bhaineann le Brexit i dtaobh earnáil iascaigh na hÉireann”.

Leag an tAire Creed an bhéim, chomh maith leis sin, “go bhfuil sé ríthábhachtach go n-oibrímid go léir as lámh a chéile". Dúirt sé, “d’fhonn go mbeidh Airí éifeachtach, d’fhonn go dtuigeann agus go dtugann Cinn Stáit agus Rialtais agus foireann an Uasail Barnier tús áite d'iascaigh, beidh sé ríthábhachtach go mbíonn tionscal aontaithe iascaireachta againn, go náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach araon.

Mar fhocal scoir, luaigh an tAire Creed an seanfhocal, “Ní neart go cur le chéile”.

*Nótaí d’Eagarthóirí

Comhlachtaí foirmiúla an AE iad Comhairlí Comhairleacha a bunaíodh faoin gComhbheartas Iascaireachta do gach ceann de na príomhcheantair nó na príomhearnálacha tíreolaíochta.  Déanann Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iar-Thuaiscirt ionadaíocht don tionscal agus d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha go príomha ó Éirinn, an Spáinn, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe agus ón mBeilg.  Déanann CC na Mara Thuaidh ionadaíocht don tionscal agus d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha ón Danmhairg, an Ghearmáin, an Ísiltír, an tSualainn, an Bheilg, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe. Mar chuid den chinnteoireacht réigiúnach, tá oibleagáid ar Bhallstáit chun dul i gcomhairle leis na Comhairlí Comhairleacha sula gcuirtear tograí isteach le haghaidh bainistíocht iascaigh chuig an gCoimisiún Eorpach.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 119/2017 (pdf 433Kb) 

Date Released: 29 June 2017