There were 1,899 press releases posted in the last 24 hours and 399,260 in the last 365 days.

TUGANN DOYLE CUAIRT AR LÁTHAIR NA TINE SA gCLOCHBHAILE

Thug Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht cuairt ar an láthair ar ar tharla loscadh sléibhe sa gClochbhaile, Co. na Gaillimhe go bhfeicfeadh sé féin an damáiste a bhain don áit agus chun bualadh leis an dream a rinne an dóiteán a chomhrac.

Réab loscadh sléibhe an Clochbhaile ó dheireadh seachtaine an 6ú Bealtaine 2017 go dtí gur tugadh faoi smacht é Déardaoin an 11ú Bealtaine 2017.   Scriosadh 1,500 heicteár de thalamh foraoiseachta agus 1,000 heicteár portaigh.

Ag caint faoin damáiste, dúirt an tAire Doyle "tá uafás orm faoin díobháil atá déanta ag loscadh sléibhe na seachtaine seo caite. Ba choill ghlas, bheo a bhí anseo coicís ó shin agus tá sí scriosta uilig anois" agus dúirt:  "Is mór an chontúirt tine do dhaoine, do thithe agus do mhaoin. Tá gnáthóga fiadhúlra agus foraoiseachta scriosta freisin mar is léir anseo inniu.  Cé gur féidir le loscadh sléibhe scaipeadh go sciobtha in aimsir bhreá in áiteanna a bhfuil fásra so-lasta mar féar,  aiteann agus fraoch, go háirithe gar d'fhoraoisí agus do nithe eile,  d'fhéadfadh gur lasadh go leor tinte in aon turas. Ní hamháin go bhfuil sé in aghaidh an dlí tine a lasadh an t-am seo bliana ach is mífhreagrach an mhaise sin a dhéanamh".

Bhí an tAire ag tagairt d'Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú le hAlt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) ar cion é faoin acht aon fhásra ar thalamh nach bhfuil saothraithe a dhó ón 1ú Márta go dtí 31ú Lúnasa ina aon bhliain. Tá duine a mbéarfar air ag dó fásra laistigh den tréimhse choiscthe sin faoi réir ionchúiseamh ag an nGarda Síochána nó ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Le linn a chuairte, ghlac an tAire Stáit buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach i gcomhrac an dóiteáin ina measc Coillte agus foireann Choillte, Seirbhísí Dóiteáin na Gaillimhe, an tAerchór, An Garda Síochána agus na hoibrithe deonacha ar fad.  Le linn dó buíochas a ghlacadh leo, dúirt an tAire, "Mar go dtuigim go maith an obair mhór a bhain leis seo, bheadh imní orm go bhfágfainn duine ar lár.  Mar sin ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a bhí páirteach sa bhfeachtas seo le linn na dtinte. Tugaim ar aird freisin go bhfuil sé curtha ar an taifead ag Coillte chomh buíoch is atá siad don chúnamh mór a fuair siad ó oibrithe deonacha agus ó na seirbhísí dóiteáin a chuir iad féin i gcontúirt chun an ceann is fearr a fháil ar na dóiteáin seo."

Luaigh sé go raibh roinnt loscadh sléibhe i roinnt áiteanna ar fud na tíre ina measc Maigh Eo agus Sligeach agus dúirt an tAire, "Tá tinte mar sin in ann díobháil mhór a dhéanamh agus bíonn costas mór ag baint leo - lena n-áirítear maoin a scriosadh.  I gcás foraoisí, scriostar an barr agus bíonn costais athchuir i gceist ní áirím an costas a bhaineann leis na tinte a chomhrac.  Tá sé beagnach dodhéanta an costas a bhaineann leis an gcur isteach a dhéantar ar oibríochtaí ghnáthsheirbhísí éigeandála (an Garda Síochána) a mheas ná na himpleachtaí a bhaineann leis na seirbhísí ríthábhachtacha seo a chur ar mhalairt treo ó ghlaonna tromchúiseacha éigeandála. Déanann tinte a lastar in aon turas dochar do ghnáthóga, d'fhiadhúlra, do thalamh feirme, do struchtúir feirme agus is mór an chontúirt iad do dhaoine agus do thithe. Tá dualgas orainn uilig a bheith freagrach. Iarraim ar úinéirí foraoisí, ar fheirmeoirí, ar lucht cónaithe faoin tuath a bheith airdeallach faoi thinte, aon ghníomhaíocht amhrasach a thuairisciú don Gharda Síochána agus aon tine atá imithe ó smacht nó nach bhfuiltear ag faire uirthi a chur in iúl láithreach do na seirbhísí Éigeandála agus Dóiteáin via an tseirbhís 112/999."

Tá an Roinn ag moladh d'úinéirí dóiteáin agus do bhainisteoirí foraoisí súil a chaitheamh ar a gcuid pleananna dóiteáin lena chinntiú go bhfuil toitbhearnaí glan ó fhásra so-lasta agus go bhfuil bealaí rochtana foraoisí glan. Tá an Roinn ag cur fainic ar úinéirí talún go bhféadfaí talamh a dhéantar a dhó sa séasúr coiscthe a bhreithniú neamh-incháilithe go huathoibríoch faoi scéimeanna tacaíochta éagsúla agus go bhfuil réimse córas braite i bhfeidhm, córas satailít-bhunaithe ina measc, chun áiteanna mór tinte a bhrath agus chun cigireachtaí incháilitheachta níos sonraithe a thionscain nuair is gá.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 85/2017 (pdf 451Kb) 

Added 16.05.17

Thug Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia gaus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht cuairt ar an láthair ar ar tharla loscadh sléibhe ar an gClochbhaile, Co. na Gaillimhe go bhfeicfeadh sé féin a mhéid damáiste a bhain don áit agus chun bualadh leis an dream a rinne an dóiteán a chomhrac. In éineacht leis sa phictiúr ó Chlé-Deas Mark Carlin, Stiúrthóir Oibríochtaí Coillte, & Frank Flanagan, Bainisteoir Foraoise, Coillte 

 

Date Released: 16 May 2017