There were 1,813 press releases posted in the last 24 hours and 399,523 in the last 365 days.

Fógraíonn Creed Íocaíochtaí de €725,000 faoin Scéim um Fhoirgnimh Feirme Traidisiúnta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, íocaíochtaí ar fiú €725,000 san iomlán iad do 49 rannpháirtí faoin Scéim um Fhoirgnimh Feirme Traidisiúnta GLAS 2016. Faomhadh na tionscadail níos luaithe i mbliana agus tá na hoibreacha ar fad críochnaithe anois agus íocaíocht tugtha do na feirmeoirí i gceist.

“Is scéim bheag í ach baineann an-tábhacht léi agus tabharfaidh sí cuidiú ollmhór do chaomhnú ár n-oidhreacht tuaithe agus do fheabhsú an tírdhreacha tuaithe,” a dúirt an tAire Creed, agus ag cur leis, go gcinnteofar tábhacht leanúnach na foirgneamh sa todhchaí toisc go gcaithfear iad a úsáid chun críche éigin talmhaíochta. “Is struchtúir ghalánta iad, a rinne ceardaithe áitiúla d’ábhair ón gceantar, agus léiríonn ár scéim conas gur féidir le hoibreacha íogaire caomhnaithe seanfhoirgneamh a shábháil agus é a chur in úsáid arís,” a dúirt an tAire.

Reachtálann an Chomhairle Oidhreachta an scéim ar son na Roinne agus thug an tAire aitheantas dá n-obair i gcur chun cinn na scéime agus i bhforbairt na tionscadal ar an talamh. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar tionscadail ar chuireadh isteach iad don scéim 2017 faoi láthair agus cuirfear na cinntí in iúl do na iarrthóirí faoi dheireadh mí Feabhra 2017. Dearadh an Scéim chun cur le hiarrachtaí comhshaoil a ndéantar faoi GLAS agus tá sé ar oscailt do gach feirmeoir GLAS. Beidh sé ar oscailt go dtí deireadh tréimhse reatha an Chlár um Fhorbairt Tuaithe (RDP), le gairmeacha bliantúla ar tograí ó fheirmeoirí incháilithe.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 200/2016 (pdf 426Kb) 

21.12.16

21.12.16

21.12.16‌‌

Date Released: 21 December 2016