There were 1,678 press releases posted in the last 24 hours and 413,918 in the last 365 days.

Deimhniú ráig de Fhliú Éanúil in ealta éanlaithe clóis i Lincolnshire

Deimhníodh ráig de Fhliú Éanúil Árdphataigineach H5N8 (fliú na n-éan) in ealta turcaí  gar do chósta Lincolnshire, Sasana. Ba chúis le líon ráigeanna de ghalar in éin fhiáine agus éanlaithe clóis i roinnt tíortha Eorpacha ó dheireadh Dheireadh Fómhair i mbliana an fochineál H5N8 den fhliú éanúil.

Cé gur féidir an fochineál H5N8 bheith ina chúis le galar tromchúiseach in éanlaithe clóis agus éin eile, níor thuairiscíodh aon ionfabhtú daonna in aon áit ar domhan riamh agus dá bhrí sin ní mheastar go bhfuil ach riosca an-íseal do dhaoine ag baint leis.

Cuireann an Roinn béim arís ar a comhairle d’úinéirí ealta éanlaithe clóis gur cheart dóibh bheith airdeallach ar chomhartaí galair ina n-ealtaí, clóigh le bearta diana bithshlándála agus aon amhras galair a thuairisciú don Oifig Tréidliachta Ceantair is gaire dóibh.

Tá córas réamhrabhaidh i bhfeidhm i comhar le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas le haghaidh comharthaí galair in éin fhiáine. Déanann an Roinn monatóireacht leanúnach ar chúrsaí galair agus fanaimid i ndlúththeaghmháil lenár gcomheagraíocht, DAERA, maidir leis an cheist.

Tuilleadh eolais:

 Le haghaidh tuilleadh eolais ar Fhliú Éanúil:

http://www.agriculture.gov.ie/avian_influenza/

Tá liosta de oifigí an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a sonraí teagmhála ar fáil ag: http://www.agriculture.gov.ie/contact/

Date Released: 19 December 2016