There were 1,622 press releases posted in the last 24 hours and 413,570 in the last 365 days.

Fógraíonn an tAire Creed `Scéim Chomhpháirtíocht Feirme i gcomhair Comharbais'

Creidmheasanna Cánacha Chun Aistriú Níos Luaithe D’Fheirmeacha Teaghlaigh Ó Ghlúin Go Glúin A Chur Chun Cinn

 

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu go bhfaomhadh an ‘Scéim Chomhpháirtíocht Feirme    i gcomhair comharbais’, agus go mbeidh socruithe riaracháin curtha i gcrích le haghaidh a tosach go luath sa bhliain 2017.

 

Dúirt an tAire Creed “Cuirfidh an Scéim seo aistriú níos luaithe d’fheirmeacha teaghlaigh ó ghlúin go glúin chun cinn, ag teacht le tiomantais faoi Chlár an Rialtais agus faoin straitéis Food Wise. Spreagfaidh sí agus tacóidh sí le comhráite tábhachtacha i dteaghlaigh feirme maidir le pleanáil comharbais.”

 

Fógraíodh an Scéim i mBuiséad 2016 ach bhraith a tosach ar fhaomhadh ón AE maidir le státchabhair, a bhfuarthas anois. Tá foráil sa Scéim do chreidmheas cánach de €25,000 thar chúig bhliain chun aistrithe feirme a éascú laistigh de struchtúr comhphairtíochta.

 

Dúirt an tAire Creed, “Leanfaidh mé ar aghaidh leis an obair le mo chomhghleacaí, an tAire Airgeadais, a raibh ról lárnach aige i dtabhairt isteach an bhirt seo, chun bheith cinnte go dtógfaimid ar rath an ‘Athbhreithnithe ar Chánachas Talmhaíochata’ agus go gcomhlíonfaimid na tiomantais sa ‘Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta’ chun athrú straitéiseach ar an gcóras cánachais a dtugann tacaíocht d’ioncam feirme agus soghluaisteacht talaimh a chinntiú. Cabhróidh an Scéim é a chinntiú go mbeidh an fheirmeoireacht in áit straitéiseach i gcomhair forbartha agus fáis inbhuanaithe sa todchaí. Tá meitheal de oifigigh ó mo Roinn, na Coimisinéirí Ioncaim agus Teagasc ag cur socruithe i gcrích chun an scéim a chur ar fáil go luath sa bhliain 2017.”

Nóta d’Eagarthóirí:

Bhí mionscrúdú ar bheart chun aistriú níos luaithe d’fheirmeacha ó ghlúin go glúin a spreagadh san áireamh i moltaí an ‘Athbhreithnithe ar Chánachas Talmhaíochata’. Aithnítear roinnt bac i leith ardú ar an méid aistriú feirmeacha i rith an tsaoil:

•An riachtanas go dtagann ioncam don dhá ghlúin ón bhfeirm.

•Imní ar an nglúin scothaosta faoin sláine airgeadais.

•Uaireanta meastar gur athrú ró-thobann é aistriú iomlán.

Is éard atá i gceist i  “gComhpháirtíocht Feirme i gcomhair Comharbais’ ná struchtúr ina dtéann daoine incháilithe i gcompháirtíocht, le comhaontú roinnt bhrabúis cuí, ina bhfuil foráil déanta d’aistriú na feirme chuig an feirmeoir níos óige ag deireadh tréimhse sonraithe (nach mbíonn níos fada ná deich mbliana).

Chun tacú leis an aistriú seo, is féidir creidmheas cánacha suas le huasmhéid €5,000 in aghaidh na bliana ar feadh cúig bhliain, a dháileadh don chomhpáirtíocht. Cuireann an múnla comhpháirtíochta ar chumas feirmeoirí ceannas a aistriú diadh ar ndiadh agus éascaíonn sé aistriú faisnéise ó ghlúin go glúin freisin.

 

Food Wise 2025:  http://agriculture.gov.ie/foodwise2025/

 

View this Press Release as a PDF:  DAFMPR 168A/2016 (pdf 372Kb) 

Date Released: 22 November 2016