Ráitis N & P go dtí an 30 Meán Fómhair 2020 ar fáil anois

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta Bia, agus Mara go bhfuil ráitis eatramhacha Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) don tréimhse ó Mhí Eanáir go Mí Dheireadh Fómhair 2020 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie.

Tá na ráitis seo an-úsáideach d'fheirmeoirí le gur féidir pleanáil don chuid eile den bhliain, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar  www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Chun uimhir fón póca a chlárú le haghaidh foláirimh téacs SMS amach anseo téigh chuig https://www.agriculture.gov.ie/contactsupdates/ chun teacht ar an bhfoirm cláraithe.

 

CRÍOCH

Date Released: 28 October 2020

This press release can be viewed online at: https://www.einpresswire.com/article/529525731/

Disclaimer: If you have any questions regarding information in this press release please contact the company listed in the press release. Please do not contact EIN Presswire. We will be unable to assist you with your inquiry. EIN Presswire disclaims any content contained in these releases.

© 1995-2021 IPD Group, Inc. All Right Reserved.