An tAire Calleary i mbun Cainteanna le Coimisinéir Trádála an AE Phil Hogan
Bhí físchomhdháil idir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary T.D. inniu le Coimisinéir Trádála na hEorpa, Phil Hogan. Tionóladh an cruinniú mar chuid de réimse leathan rannpháirtíochtaí a bhfuil an tAire Calleary ag tabhairt fúthu le príomh-idirghabhálaithe ó ceapadh é.
Is éard a bhí le rá ag an Aire Calleary ina dhiaidh sin, "Tá áthas orm go raibh deis agam teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Hogan. Mar a thuigfeá, ba é an Breatimeacht agus an timpeallacht trádála idirnáisiúnta níos leithne an dá ábhar ba mhó a phléamar. Bhí comhrá an-tairbheach agam leis an gCoimisinéir Hogan ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir le hidirbheartaíochtaí AE-RA, agus thapaigh mé an deis chun tosaíochtaí agraibhia agus iascaigh na hÉireann sna hidirbheartaíochtaí seo a mhíniú arís dó. Chuir mé fáilte roimh an gcomhaontú ar an MFF an tseachtain seo caite, go háirithe an Ciste um Choigeartú Breatimeachta €5 Billiún, do na Ballstáit sin is mó a bhfuil drochthionchar ag an mBreatimeacht orthu.
Bhí comhrá úsáideach ag an Aire leis an gCoimisinéir Hogan maidir leis an timpeallacht trádála idirnáisiúnta níos leithne lena n-áirítear caidrimh trádála leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín. Thapaigh an tAire an deis chomh maith chun na hidirbheartaíochtaí trádála atá fós ar siúl chomh maith le Comhaontú Saorthrádála an AE-Mercosur a phlé.
Mar focal scoir dúirt an tAire: "Ba mhór an cúnamh cainteanna an lae inniu. Bhí mé i mbun rannpháirtíocht mhór cheana féin leis na príomhpháirtithe leasmhara anseo sa bhaile agus ag leibhéal an AE agus leanfaidh mé den phróiseas rannpháirtíochta sin sna laethanta amach romhainn. Bhí cainteanna tairbheacha agam le heagraíochtaí feirmeoireachta na hÉireann an tseachtain seo caite agus beidh mé ag casadh le hionadaithe tionscail amárach.
CRÍOCH
Date Released: 28 July 2020