Solúbthacht maidir le scéimeanna DAFM mar fhreagra ar fhadhbanna a bhaineann le Covid-19 fógartha ag Creed
Tá roinnt solúbthachta deimhnithe ag Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu maidir le scéimeanna arna riar ag an Roinn mar fhreagra ar fhadhbanna a bhaineann le Covid-19. Tá an tsolúbthacht seo á tabhairt isteach chun go mbeidh sé níos éasca ag feirmeoirí agus ag a gcuid gníomhairí leanúint de bheith páirteach sna scéimeanna tábhachtacha seo sa chás go dtagann deacrachtaí chun cinn mar thoradh ar na srianta poiblí sláinte atá i bhfeidhm faoi láthair.
Dúirt an tAire "Ar ndóigh is í sláinte an phobail atáimid ag tabhairt tús áite di faoi láthair ach tá sé ríthábhachtach go leantar leis an bhfeirmeoireacht le linn na tréimhse seo agus tá na scéimeanna arna riar ag mo Roinnse tábhachtach chun cuid de na príomhaschuir i ndáil le táirgiúlacht agus timpeallacht ó fheirmeacha na hÉireann a chur ar fáil. Tá roinnt solúbthachta tugtha isteach agam maidir le socruithe na scéime de bharr nach bhfuiltear ábalta tabhairt faoi chleachtais áirithe faoi láthair agus go bhfuil socruithe eile ag teastáil."
Áirítear ar liosta an tsolúbthacht seo a leanas:
- Cigireachtaí: Tá gnáthchuairteanna ar fheirmeacha curtha ar fionraí go ginearálta ag an Roinn as seo go ceann coicíse. D'fhéadfadh roinnt cigireachtaí riachtanacha a bheith de dhíth ar bhonn riosca áfach.
- Scéim na bhFeirmeoirí Óga: Déanfar agallaimh chigireachta ar an nguthán. Baineann sé sin le cigireachtaí na bhFeirmeoirí Óga faoi TAMS chomh maith.
- Iarratais na bhFeirmeoirí Óga/Cúlchiste Náisiúnta: Tá socruithe leasaithe i bhfeidhm chun iarratas a dhéanamh sa chás go bhfuil moill ar theastas glas an iarratasóra mar gheall ar choláistí a bheith dúnta.
- Teidlíochtaí na hÍocaíochta Bunúsaí: Tá socruithe leasaithe i bhfeidhm chun iarratais a dhéanamh le teidlíochtaí a aistriú sa chás go bhfuil síniú de dhíth agus finnéithe i láthair.
- Níotráití: Tá síneadh curtha leis an dáta deiridh a nglacfar le taifid níotráití i ndáil le cásanna scrúdaithe tras-chomhlíontacha go dtí deireadh mhí Mheithimh.
- Tá an dáta deiridh a nglacfar le Tráinse 17 de TAManna curtha siar ón 24 Aibreán go dtí an 5 Meitheamh;
- Solúbthacht maidir le sprioc TAMS a chur i gcrích - tá síneadh 3 mhí ar thionscadail atá ar tí a bheith tugtha chun críche (nó ceaduithe atá ar tí dul in éag) idir an 1 Márta agus an 1 Iúil;
- Síneadh 3 mhí ar éilimh ar íocaíochtaí TAMS atá fós le déanamh maidir le tionscadail atá le tabhairt chun críche faoin 1 Iúil;
- Riachtanais i ndáil le cúrsa Sláinte & Sábháilteacht TAMS - ós rud é go bhfuil na cúrsaí seo ar fionraí anois, tá maolú i bhfeidhm anois a chuireann an dualgas an cúrsa a dhéanamh siar ach a cheadaíonn íocaíocht a dhéanamh leis an iarratasóir maidir le hobair atá tugtha chun chríche. Tréimhse 3 mhí atá beartaithe don mhaolú seo. Beidh ar na hiarratasóirí cúrsa a chríochnú nuair a thosaíonn cúrsaí arís.
De ghnáth sprioc 10 lá a bhíonn i gceist i ndáil le taifid GLAS i ndiaidh cigireachta - tá solúbthacht tugtha anseo cheana agus tá leasú déanta ar litir chun cáipéisí a iarraidh an DAFM chun sin a léiriú.
Leag an tAire béim chomh maith ar an tsolúbthacht bhreise atá tugtha isteach aige maidir le socruithe tástálacha Eitinne agus a Roinn ag leanúint de bheith ag iarraidh go mbeidh sé ar chumas feirmeoirí leanúint dá gcuid iarrachtaí an Eitinn a dhíothú agus tabhairt faoi thástálacha nuair is gá, agus gluaiseachtaí ainmhithe beaga agus leanúnachas i ngach gné den soláthair bia a éascú. Is é an príomhphrionsabal maidir le gach cás ná go bhfuil sláinte agus sábháilteacht fheirmeoirí, thréidlianna, sholáthróirí seirbhísí, chonraitheoirí, bhaill foirne eile agus a dteaghlaigh ríthábhachtach.
Mar fhocal scoir mheabhraigh an tAire d'fheirmeoirí agus gníomhaireachtaí go raibh líne chabhrach i ndáil le Covid-19 bunaithe ag a Roinn ar 076 1064468.
Nótaí d'eagarthóirí
- Tá an líne chabhrach i ndáil le Covid-19 ar fáil ón 9.30am go 12.30pm agus ón 2pm go 5pm ó Luan go hAoine.
- Tá roinnt Ceisteanna a Chuirtear go Minic foilsithe ag an Roinn chomh maith ar an gcuid de láithreán gréasáin na Roinne a bhaineann leis an gCoróinvíreas/COVID-19 ar https://www.agriculture.gov.ie/customerservice/coronaviruscovid-19/ .
CRÍOCH
Date Released: 01 April 2020