Ag leanúint le hÍocaíochtaí BEEP
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go bhfuil tuilleadh íocaíochtaí le hiarratasóirí le déanamh faoin Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) 2019.
Dúirt an tAire; “Táim sásta a fhógairt go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí le hiarratasóirí a bhfuil an mheá agus sonraí curtha ar aghaidh i ndáil le gach ainmhí incháilithe atá acu curtha i gcrích acu. Ó inniu ar aghaidh, tá íocaíochtaí dar luach €13,239,560 á n-eisiúint chuig 13,290 feirmeoir, agus is ionann an tsuim iomlán atá á híoc le 16,424 feirmeoir atá ag glacadh páirt sa scéim phíolótach agus €15,306,280. Trí na sonraí a chuirfear ar fáil tríd an tionscnamh tábhachtach seo, cuideofar le feidhmíocht comhshaoil agus gheilleagrach na tréada dúil atá againn a fheabhsú.
Dúirt an tAire freisin “Chomh maith leis sin, cuirfear tús le híocaíochtaí faoi BDGP agus BEAM sna seachtainí amach romhainn arb ionann iad agus €120M ar an iomlán chun tacú le hearnáil na mairteola in 2019. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an tacaíocht seo, ní hamháin d'fheirmeoirí mairteola agus dá gcuid teaghlach, ach do na pobail ina maireann siad agus don gheilleagar tuaithe i gcoitinne.”
CRÍOCH
Date Released: 01 December 2019