An tAire Doyle ag éileamh buiséad láidir CAP chun taca a chur faoi Mhúnla Seachadta Nua atá beartaithe
Inniu ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, léirigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D, tacaíocht d'athrú atá beartaithe a dhéanamh ar chóras riaracháin an Chomhbheartais Talmhaíochta (CAP) ó chur chuige atá bunaithe ar chomhlíonadh go ceann atá dírithe ar fheidhmiú agus seachadadh. Ach níor mhór an creat feidhmithe a éascú trí dhóthain maoinithe a chur ar fáil, áfach.
Dúirt an tAire: “Teastaíonn tacaíocht chuí ó fheirmeoirí chun cuidiú leo cuspóirí CAP a chur i gcrích amach anseo. Ní hamháin go mbaineann sé seo le saincheisteanna amhail uaillmhian níos mó a bheith ann i leith na timpeallachta, ach leis an mbealach a chuirfear CAP i bhfeidhm freisin. Ní bhainfimid amach na cuspóirí atá againn gan maoiniú dóthanach a bheith ar fáil. Mar gheall air sin ní mór an buiséad do CAP a choinneáil.”
Tugadh faoi dhíospóireacht sa Chomhairle freisin maidir le cumarsáid ón gCoimisiún “Clean Planet for All - a long-term vision for a climate neutral economy”, chomh maith leis an staid reatha i ndáil le trádáil idirnáisiúnta. Thapaigh an tAire Doyle an deis chun a éileamh ar an AE a chinntiú go mbeidh comhsheasmhacht idir beartais talmhaíochta, athraithe aeráide agus trádála idirnáisiúnta. Maidir leis an rabhadh atá sa Chumarsáid Clean Planet faoi na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag na beartais a roghnófar san Eoraip ar astaíochtaí ó thíortha onnmhairíochta i dtaobh bithmhais, dúirt an tAire Doyle: “Ba chóir dúinn cuimhneamh ar na rabhaidh seo agus muid ag smaoineamh air an bhfuil ciall lena thuilleadh onnmhairí mairteola a cheadú ó Mercosur chuig an AE.”
Roimh an gComhairle, bhí cainteanna tairbheacha ag an Aire Doyle leis an gCoimisinéir Hogan maidir leis an ngá atá le pacáiste cúnaimh eisceachtúil a chur ar fáil don earnáil mairteola. Ag tagairt do na cainteanna sin, dúirt an tAire Doyle go raibh sé muiníneach go bhfuil cás láidir déanta leis an gCoimisiún, agus go raibh súil aige go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh ar an ábhar go luath.
CRÍOCH
Date Released: 14 May 2019