Infheistíocht €6.5m i 17 gcomhlacht dobharshaothraithe agus próiseála bia mara fógartha ag an Aire Creed
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu, go bhfuil €2,369,801 i ndeontais bronnta ar 17 bhfiontar bia mara i 9 gcontae éagsúla faoi Chlár Oibríochta an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh a Roinne don earnáil bia mara. Tacóidh na deontais a bronnadh leis an infheistíocht iomlán de €6,472,909 sna comhlachtaí sin atá déanta sna hearnálacha dobharshaothraithe agus próiseála bia mara.
Dúirt an tAire Creed, "Tá an-áthas orm a rá, d'ainneoin na neamhchinnteachta atá ann mar gheall ar an mBreatimeacht le dhá bhliain anuas, go bhfuil go leor muiníne san earnáil bia mara faoina bhfuil i ndán di as seo amach. Is comhartha den mhuinín láidir atá san earnáil na 17 bhfiontar bia mara atá chun €6.5 milliún a infheistiú i mbliana le cúnamh faoi Chlár Tacaíochta Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus tacaíonn an Rialtas leis an muinín sin. Tá na comhlachtaí sin ag tapú na ndeiseanna margaidh atá ann, agus tá neart deiseanna ann, maidir le táirgí bia mara na hÉireann ar ardchaighdeán. Tá sin fíor do chomhlachtaí amhail KeohaneSeafoods i gCorcaigh atá ag tabhairt faoi infheistíocht €3 milliún d'fhonn acmhainneacht i ndáil le táirgeadh bradán sa mhonarcha atá acu i mBeanntraí."
Dúirt an tAire Creed freisin, "Tá mo Roinn ag tacú le fiontair uaillmhianacha bia maidir le tionscadail iontacha fáis trí thacaíochtaí flaithiúla airgeadais EMFF, atá ar fáil d'fhiontair bhia mara trí BIM d'fhonn a gcuid torthaí a mhéadú, luach a chur ar a gcuid dtáirgí agus a gcuid margaí a éagsúlú ar fud an domhain. San fhógairt seo, beidh tacaíocht ar fáil do chomhlachtaí Bia Mara i gCorcaigh, Ciarraí, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, Lú agus Muineachán ar mhaithe le borradh a chur faoi fhorbairt na gcomhlachtaí sin, le forbairt nuálaíochta agus teicneolaíochta, rud a chuirfidh luach ar ár bpríomhtháirgí bia mara ar ardchaighdeán.
Tá na deontais cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach agus faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha.
Nótaí d'Eagarthóirí
Ghlac an Coimisiúin Eorpach le Clár Oibríochta EMFF 2014-2020 na hÉireann i mí na Nollag 2015 agus sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara é i mí Eanáir 2016. Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar an gClár.
Tá dhá scéim tacaíochta ar fáil don earnáil dobharshaothraithe d'fhonn cuidiú leo spriocanna an Phlean Straitéisigh Náisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe an Dobharshaothraithe a bhaint amach. Féachtar leis an bplean an méid a tháirgtear go hinbhuanaithe a mhéadú 45,000 tonna. Tacaíonn an Scéim um Dhobharshaothrú Inbhuanaithe le hinfheistíocht caipitil arna déanamh ag fiontair dobharshaothraithe cheadúnaithe d'fhonn táirgiúlacht a fhorás go hinbhuanaithe agus an tionchar atá ag an dobharshaothrú ar an timpeallacht a laghdú. Cuireann an Scéim um Thairseach Feasa an nuálaíocht, forbairt teicneolaíochta agus bainistiú galar san earnáil dobharshaothraithe chun cinn agus cuireann tacaíocht ar fáil ina leith.
Tá trí scéim tacaíochta ar fáil don earnáil próiseála bia mara d'fhonn an nuálaíocht, an breisluach, forbairt margaí nua agus infheistíocht i dtrealamh agus áitreabh nua a chur chun cinn agus tacú leo. Cuirtear cúnamh suas le 30% ar fáil d'áitribh próiseála bia mara faoin Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara d'fhonn spreagadh a thabhairt i ndáil le hinfheistíocht caipitil san acmhainn táirgiúlachta breisluacha. Cuirtear cúnamh suas le 50% ar fáil do ghrúpaí na bhfiontar próiseála bia mara faoin Scéim un Scálú Bia Mara agus Margaí Nua a Fhorbairt a oibríonn as lámh a chéile chun onnmhairí onnmhairithe nua a fhorbairt. Cuirtear cúnamh suas le 50% ar fáil d'fhiontair próiseála bia mara faoin Scéim um Nuálaíocht Bia Mara agus Pleanáil Gnó d'fhonn an nuálaíocht i ndáil le táirgí nua a fhorbairt a chur chun cinn.
Tá luach €21.6 milliún de chistí EMFF tugtha do Bhord Iascaigh Mhara in 2019 lena dháileadh ar an earnáil bia mara.
Deontais ceadaithe - An Scéim um Dhobharshaothrú Inbhuanaithe
Tairbhí |
Áit |
Tionscadal |
Infheistíocht Iomlán € |
Deontas EMFF € |
Bantry Mussels Harbour Limited |
Beanntraí, Corcaigh |
Uasghrádú ar sheomra innill an bháid le dhá inneall cíle fuaraithe agus gineadóir trí-chéim |
162,068 |
64,827 |
Curraun Fisheries Limited |
An Mhala Raithní, Maigh Eo |
Nuachóiriú a dhéanamh ar Chórais Bhainistíochta Feirme Bradán |
187,808 |
75,123 |
Ocean Farm Limited |
Na Cealla Beaga, Dún na nGall |
Uasghrádú ar theicneolaíocht feirmeoireachta bradán |
1,175,202 |
470,081 |
Top Oysters Limited |
An Cromán, Ciarraí |
Bád réthónach agus trealamh táirgthe oisrí a cheannach |
93,532 |
37,413 |
Michael Lydon |
Gaillimh |
Uasghrádú ar chóras spiléir leanúnach |
45,099 |
18,039 |
Atlantic Greenway Oysters Ltd |
Cathair na Mart, Maigh Eo |
Acmhainneacht ar fheirm oisrí a mhéadú |
40,553 |
16,221 |
Caragh Clams Limited |
An Cromán, Ciarraí |
Ceathrú céim den fhorbairt ar fheirm oisrí |
24,428 |
9,771 |
CromaneSeafoods Limited |
An Cromán, Ciarraí |
Bád réthónach agus trealamh táirgthe oisrí a cheannach |
88,752 |
35,500.88 |
Hugh O’Malley |
Acaill, Maigh Eo |
Acmhainneacht i ndáil le táirgeadh oisrí a mhéadú & trealamh nua a cheannach |
81,021 |
32,408 |
IOMLÁN |
|
|
1,898,463 |
759,383 |
Deontais ceadaithe - Scéim um Thairseach Feasa
Tairbhí |
Áit |
Tionscadal |
Iomlán Infheistíocht € |
Deontas EMFF € |
Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí |
Trá Lí, Ciarraí |
Forbairt ar Chóras Bainistíochta Feirme Oisrí & Réiteach Ollstórála Sonraí |
318,001 |
318,001Deontas_Iomlán |
Deontais ceadaithe - Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara
Tairbhí |
Áit |
Tionscadal |
Iomlán Infheistíocht € |
Deontas EMFF € |
Seafood Processors Ltd |
Ó Méith Co Lú |
Uasghrádú ar théada réamhphacála iasc |
16,344 |
4,903 |
KeohaneSeafoods Unlimited |
Beanntraí Corcaigh |
Próiseáil Innealra & Córais do Mhonarcha Dheataithe & Téad Bradán |
3,000,000 |
900,000.00 |
Bio-marine Ingredients Ireland Ltd |
Baile na Lorgan Co. Mhuineacháin |
Córas Lacáiste Bolaidh a shuiteáil chun an tionchar ar an timpeallacht a laghdú agus chun táirgí nua agus feabhsaithe a chur ar fáil |
529,975 |
79,496 |
CastletownbereFishermens Co-operative Society Ltd |
Baile Chaisleáin Bhéarra, Corcaigh |
Táirge inoighinn Megrim do Mhargadh na Spáinne a fhorbairt |
236,118 |
70,835 |
IOMLÁN |
|
3,782,437 |
1,055,234 |
Deontais ceadaithe - Scéim um Nuálaíocht Bia Mara agus Pleanáil Gnó
Tairbhí |
Contae |
Tionscadal |
Infheistíocht Iomlán € |
Deontas EMFF € |
BreizonTeo |
Ros an Mhíl Co. na Gaillimhe |
Tionscadal R & D chun Cloicheáin Éireannacha a phacáil do Mhargadh na Fraince |
10,009 |
5,004 |
Bio-marine Ingredients Ireland Ltd |
Baile na Lorgan Co. Mhuineacháin |
Comparáid Próitéine maidir le feidhmiúlachtaí |
13,916 |
6,958 |
KeohaneSeafoods Unlimited |
Beanntraí Corcaigh |
Seirbhísí Comhairleacha d'fhonn córais bhainistíochta a fheabhsú |
39,600 |
19,800 |
IOMLÁN |
|
63,525 |
31,762 |
Deontais ceadaithe - Scéim un Scálú Bia Mara agus Margaí Nua a Fhorbairt
Tairbhí |
Áit |
Tionscadal |
Infheistíocht Iomlán € |
Deontas EMFF € |
Jade Ireland Seafood Ltd |
Sofrimar, Cé na Cille Móire, Co. Loch Garman McBride Fishing, Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall Shellfish Ireland, Baile Chaisleáin Bhéarra, Corcaigh |
Forbairt ar Mhargadh na Síne, Margadh Hong Cong & Margadh na Téaváine |
209,700.00 |
104,850.00 |
Connemara Producers Group |
Connemara Seafoods Frozen Ltd, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo Oilean Mara Teo. Leitir Móir, Co. na Gaillimhe |
Margadh na hÁise a fhorbairt |
201,143.00 |
100,571.00 |
IOMLÁN |
|
410,843.00 |
205,421.00 |
CRÍOCH
Date Released: 11 May 2019