Baineann Creed Méadú 8% amach ar Luach Cuótaí Éisc Ghil d¿iascairí Éireannacha
Méadú 15% ar an gcuóta €80m do chloicheáin
Rinneadh turasóireacht slatiascaireacht doingean mara a chosaint
I ndiaidh idirbheartaíocht dhian a mhair dhá lá a cuireadh i gcrích ag 7.30am ar maidin, bhain an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., pacáiste iomlán cuótaí éisc amach ar fiú €266 milliún é d’iascairí Éireannacha don bhliain 2018.
Rinneadh comhaontú ar 40,168 tonna, ar an iomlán, de chuótaí éisc ghil don bhliain 2018. Dúirt an tAire Creed, “Is ionann luach iomlán €152m na gcuótaí éisc ghil a baineadh amach don chabhlach iascaireachta Éireannach agus méadú 8% ar an luach ón mbliain seo caite agus méadú 3% ar mhéid. Táim sásta gur toradh maith agus cothrom é seo, ar an iomlán".
Is ionann cuóta cloicheán na hÉireann agus 10,729 tonna ar a bhfuil luach €83m. Dúirt an tAire, “I mbliana, bhaineamar méadú 15% amach ar chloicheáin, ar fiú breis agus €10.6m go díreach é le cabhlach na hÉireann, arb ionann sin agus an méadú singil is mó le breis agus deich mbliana anuas agus léiríonn sé go bhfuil an stoc seo ina steillbheatha, ar an iomlán.
Is léir go bhfuil go leor dár stoic á n-atógáil, faoi mar a léiríonn méadú 34% ar ár gcuótaí éisc ghil amach ón gcósta thiar thuaidh agus méadú 64% i Muir Éireann i gcomparáid le 5 bliana ó shin - dhá limistéar ina raibh stoic laghdaithe.
Labhair an tAire Creed ar an toradh dearfach do Mhuir Éireann, “Tá stoic troisc agus cadóige i Muir Éireann bainte amach arís i ndiaidh go leor blianta ina ndearnadh bearta caomhnaithe faoi stiúir an tionscail. Bhí an tóin réidh le titim as an stoc troisc, ach go háirithe, ón mbliain 2000 ar aghaidh. B’fhiú an obair a rinneadh chun an stoc seo agus an stoc cadóige a atógáil i mbliana agus sonraítear méaduithe suntasacha ar an dá chuóta dár gcabhlaigh ar an gcósta Thoir.”
Déantar bainistiú ar iascach scadáin na Mara Ceiltí faoi phlean a d’ullmhaigh earnáil iascaireachta na hÉireann ar gá ciorrú 30% a dhéanamh air in 2018. Dúirt an tAire Creed, “Ar aon dul le moladh earnáil iascaireachta na hÉireann, leanamar an Plean Bainistíochta le haghaidh scadán na Mara Ceiltí. Tá an plean seo réamhchúramach agus teastaíonn an ciorrú chun an stoc a atógáil i ndiaidh tréimhse mheatha ón mbliain 2015 ar aghaidh.
Bhain togra an-deacair lenár n-iascach doingean mara áineasa inar lorg an Coimisiún toirmeasc iomlán ar shlatiascaireacht ar feadh 6 mhí den bhliain. D’éirigh leis an Aire iascach ‘gabh agus scaoil’ i gcaitheamh na bliana a bhaint amach nach gcuirfeadh an stoc i mbaol agus a chosnódh an acmhainn ríthábhachtach turasóireachta seo.
Chuir an tAire a shásamh in iúl gur chuir Comhairle na bliana seo céim thábhachtach eile díbh chun stoic a sholáthar ar na leibhéil uasta inbhuanaithe. “Déanfaidh an dul chun cinn atá déanta againn i mbliana lámh chúnta a thabhairt dúinn inár n-iarrachtaí chun ár stoic éisc a atógáil, a bhuntacaíonn le todhchaí ár dtionscail agus ár bpobal cósta.”
Dúirt an tAire mar fhocal scoir, “Tá roinnt saincheisteanna dúshlánacha romhainn i mbliana ach creidim gur pacáiste cothrom agus inbhuanaithe an pacáiste deiridh. Ba mhaith liom, chomh maith leis sin, mo bhuíochas a chur in iúl as an gcomhoibriú agus an cúnamh a fuair mé ón dtionscal iascaireachta agus ó na hionadaithe d’eagraíochtaí neamhrialtasacha sa Bhruiséil i rith na hidirbheartaíochta agus sna míonna rompu.”
I measc na bpríomhthorthaí ar a ndearnadh idirbheartaíocht, tá an méid seo a leanas
- San Iarthuaisceart, méadú 20% ar anglait, méadú 21% ar bholmán Atlantach agus méadú 26% ar chadóg do phoirt an Chaisleáin Nua agus na gCealla Beaga.
- Méadú 15% ar an gcuóta cloicheáin, ar fiú €10.6m é, a théann chun sochair phoirt Cheann Chlochair, Bhinn Éadair, Bhréantrá, Bhaile Chaisleáin Bhéarra, an Daingin agus Ros an Mhíl.
- I Muir Éireann, rinneadh an cuóta a mhéadú faoi thrí a bhuíochas leis an téarnamh ar an stoc troisc; tháinig méadú 55% ar chuóta cadóige Mhuir Éireann, chomh maith. Baineann tábhacht, go príomha, leis na stoic seo, i gcás phoirt Cheann Chlochair, Bhinn Éadair agus Ché na Cille Móire.
- Tháinig méadú 13% ar Thuinnín Colgach atá tábhachtach i dtaobh phoirt dheisceartacha Bhaile Chaisleáin Bhéarra agus an Daingin;
- I dtaobh na n-iascach measctha éisc ghil amach ó chósta an Deiscirt agus an Iarthair, tháinig méadú 2% ar throsc, níor tháinig aon athrú ar an stoc anglaite, tháinig laghdú 11% ar chadóg; agus tháinig laghdú 19% ar fhaoitín, agus tá seo go léir ar aon dul leis an gcomhairle eolaíochta.
STOC |
LIMISTÉAR |
Cuóta 2017 |
Cuóta 2018 |
Athrú |
Luach 2018 |
|
|
||||||
Trosc |
VIIa |
97 |
458 |
372% |
€1.05 |
372% |
Trosc |
VII b-k |
739 |
756 |
2.3% |
€0.05 |
2% |
Scoilteáin |
VII |
2,266 |
2,263 |
0% |
-€0.01 |
0% |
Anglait |
VII |
2,540 |
2,547 |
0% |
€0.03 |
0% |
Cadóg |
VII b-k |
1,722 |
1,532 |
-11% |
-€0.35 |
-11% |
Cadóg |
VIIa |
898 |
1,388 |
55% |
€0.91 |
55% |
Faoitín |
VIIa |
46 |
46 |
0% |
€0.00 |
0% |
Faoitín |
VIIb-k |
7,646 |
6,180 |
-19% |
-€1.88 |
-19% |
Gliomach na hIorua |
VII |
9,352 |
10,729 |
14.7% |
€10.63 |
15% |
Leathóg |
VIIa |
768 |
1,172 |
53% |
€0.78 |
53% |
Leathóg |
VII |
63 |
67 |
6% |
€0.01 |
6% |
Leathóg |
VII |
199 |
203 |
2% |
€0.01 |
2% |
Leathóg |
VII hjk |
56 |
56 |
0% |
€0.00 |
0% |
Mangach |
VII |
927 |
927 |
0% |
€0.00 |
0% |
Glasán |
VII |
1,491 |
1,492 |
0% |
€0.00 |
0% |
Sól Coiteann |
VIIa |
17 |
17 |
0% |
€0.00 |
-1% |
Sól Coiteann |
VII |
36 |
36 |
0% |
€0.00 |
-1% |
Sól Coiteann |
VII fg |
26 |
29 |
12% |
€0.03 |
12% |
Sól Coiteann |
VII hjk |
171 |
178 |
4% |
€0.06 |
4% |
Fo-Iomlán (Limistéar VII) |
29,060 |
30,076 |
3% |
€11.32 |
10% |
STOC |
LIMISTÉAR |
Cuóta 2017 |
Cuóta 2018 |
Athrú |
Luach 2018 |
|
Trosc |
VIb |
16 |
16 |
0% |
€0.00 |
3% |
Trosc |
VIa |
0 |
0 |
|
€0.00 |
|
Scoilteáin |
VI |
736 |
704 |
-4% |
€0.11 |
-4% |
Anglait |
VI |
765 |
918 |
20% |
€0.64 |
20% |
Cadóg |
VIb XII XIV |
411 |
428 |
4% |
€0.03 |
4% |
Cadóg |
VIa Vb |
605 |
761 |
26% |
€0.29 |
26% |
Faoitín |
VI |
64 |
64 |
0% |
€0.00 |
-1% |
Gliomach na hIorua |
VI |
222 |
164 |
-26% |
-€0.45 |
-26% |
Leathóg |
VI |
261 |
261 |
0% |
€0.00 |
0% |
Mangach |
VI |
56 |
56 |
0% |
€0.00 |
0% |
Glasán |
VI |
427 |
429 |
0% |
€0.00 |
0% |
Sól Coiteann |
VI |
46 |
46 |
0% |
€0.00 |
0% |
Fo-Iomlán (Limistéar VI) |
3,609 |
3,847 |
7% |
€0.41 |
3.6% |
STOC |
LIMISTÉAR |
Cuóta 2017 |
Cuóta 2018 |
Athrú |
Luach 2018 |
|
Torsca |
V, VI, VII |
53 |
57 |
8% |
€0.00 |
|
Colmóir |
VI, VII |
3,732 |
3,464 |
-7% |
-€0.62 |
-7% |
Langa Gorm |
Vb,VI,VII |
32 |
32 |
0% |
€0.00 |
|
Langa Gorm |
II, IV |
4 |
4 |
0% |
€0.00 |
|
Langa |
VI - IX, X, XII, XIV |
1,008 |
1,008 |
0% |
€0.00 |
0% |
Sciataí agus Roic |
VI, VIIa-c, & e-k |
1,100 |
1,266 |
15% |
€0.23 |
15% |
Haileabó Graonlannach |
IIa, IV, VI |
16 |
16 |
0% |
€0.00 |
|
Fíogach Gobach |
I, V - VIII, XII, XIV |
53 |
53 |
0% |
€0.00 |
|
Trosc |
I, II |
344 |
345 |
0% |
€0.00 |
0% |
Péirse Mara |
V, XII, XIV (Éadomhain) |
0 |
0 |
|
€0.00 |
|
Péirse Mara |
V, XII, XIV (Domhain) |
0 |
0 |
|
€0.00 |
|
Fo-Iomlán (Limistéar Roinnte VI agus VII) |
6,342 |
6,245 |
-1.5% |
-€0.38 |
-3% |
Stoc |
LIMISTÉAR |
Cuóta 2017 |
Cuóta 2018 |
Athrú |
Luach 2018 |
|
Airgintín Mór |
III, IV |
7 |
8 |
14% |
€0.00 |
14% |
Airgintín Mór |
V, VI, VII |
274 |
329 |
20% |
€0.04 |
20% |
Torciasc |
VI, VII,VIII |
18,858 |
14,084 |
-25% |
-€0.84 |
-25% |
Scadán |
VIaN |
630 |
630 |
0% |
€0.00 |
0% |
Scadán |
VIaS, VIIbc |
1,482 |
1,482 |
0% |
€0.00 |
0% |
Scadán |
VIIa |
1,074 |
1,826 |
70% |
€0.28 |
70% |
Scadán |
VII ghjk |
12,502 |
8,748 |
-30% |
-€1.38 |
-30% |
Faoitín Gorm |
I - VIII a,b,d,e XII,XIV |
45,547 |
47,451 |
4% |
€0.45 |
4% |
Ronnach |
VI, VII |
86,426 |
69,141 |
-20% |
-€16.40 |
-20% |
Bolmán Atlantach |
IVb, IVc, agus VIId |
438 |
376 |
-14% |
-€0.05 |
-14% |
Bolmán Atlantach |
IIa,IVa,VI,VIIa-c,e-k,VIIIabe |
21,153 |
25,625 |
21% |
€3.62 |
21% |
Scadán |
I, II |
3,731 |
2,512 |
-33% |
-€0.45 |
-33% |
Tuinnín Colgach |
An tAtlantach Thuaidh |
2,514 |
2,845 |
13% |
€0.81 |
13% |
PEILIGEACH IOMLÁN |
194,636 |
175,057 |
-10% |
-€13.93 |
-11% |
Stoc |
LIMISTÉAR |
Cuóta 2017 |
Cuóta 2018 |
Athrú |
Luach 2018 |
|
Siorcanna Domhainfharraige |
XII |
0 |
0 |
|
€0.00 |
|
Scabaird Dhubh |
V, VI, VII, XII |
84 |
74 |
-12% |
-€0.03 |
-12% |
Alfainsíní |
I - X, XII, XIV |
9 |
9 |
0% |
€0.00 |
0% |
Gránadóir Cruinnsocach |
Vb, VI, VII |
198 |
203 |
3% |
€0.01 |
3% |
Gránadóir Cruinnsocach |
VIII, IX, X, XII, XIV |
4 |
3 |
-25% |
€0.00 |
-25% |
Gainneachán Flannbhuí |
VI |
0 |
0 |
|
€0.00 |
|
Gainneachán Flannbhuí |
VII |
0 |
0 |
|
€0.00 |
|
Gainneachán Flannbhuí |
I - V, VIII - XII, XIV |
0 |
0 |
|
€0.00 |
|
Deargán |
VI, VII, VIII |
4 |
4 |
0% |
€0.00 |
0% |
Fícínigh |
V, VI, VII |
278 |
247 |
-11% |
-€0.05 |
-11% |
DOMHAINFHARRAIGE IOMLÁN |
577 |
540 |
-6% |
-€0.07 |
-6% |
CRÍOCH
Date Released: 13 December 2017