Fógraíonn an tAire Creed íocaíochtaí TAMS II ar fiú €5m iad i mí Lúnasa Eisíonn an Roinn €3.2m in íocaíochtaí GLAS i mí Lúnasa chomh maith
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., go bhfuil a Roinn ag eisiúint íocaíochtaí le feirmeoirí faoi TAMS (Scéim Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta II) ag meánráta os cionn €1m in aghaidh na seachtaine an mhí seo. Íocfar íocaíochtaí TAMS II ar fiú beagnach €5m iad le feirmeoirí faoi dheireadh na míosa, rud a chiallaíonn go bhfuil os cionn €21.25m in iomlán íoctha faoi TAMS II go dtí seo.
Dúirt an tAire "Tá áthas orm faoin méid spéise atá léirithe sa scéim TAMS agus faoi na figiúirí íocaíochta ollmhóra do mhí Lúnasa. Táimid ar an mbóthar ceart chun €1m ar an méan in aghaidh na seachtaine a íoc amach le haghaidh na míosa seo. Léiríonn sé an infheistíocht shuntasach feirme atá ar bun in Éirinn agus feirmeoirí anseo ag forbairt a gcuid fiontar. Leanfaimid orainn ag déanamh íocaíochtaí ar bhonn seachtainiúil. Iarraim ar gach feirmeoir leanúint ar aghaidh lena n-infheistíochtaí ceadaithe agus iad seo a chur isteach chun íocaíocht a fháil chomh luath agus a thugtar na hoibreacha i gcrích ionas gur féidir íocaíocht a dhéanamh."
Tá an córas íocaíochtaí ar líne fós oscailte do rannpháirtithe chun a n-éileamh íocaíochta a chur isteach chomh luath agus a chríochnaíonn na hoibreacha ceadaithe. Faoi láthair, tá a gcuid íocaíochtaí faighte ag os cionn 1,500 feirmeoir go dtí seo le híocaíochtaí á bpróiseáil ar bhonn leanúnach. Dúnann tráinse reatha na scéime seo d'iarratais nua an 6 Deireadh Fómhair 2017.
Is cosúil gur éirigh go maith le íocaíochtaí GLAS i mí Lúnasa chomh maith leis an Roinn ag íoc amach €3m le rannpháirtithe GLAS le coicís anuas. €144m an méid a eisíodh do rannpháirtithe GLAS go dtí seo maidir le gníomhartha 2016
Dúirt an tAire “Tá áthas orm faoi na híocaíochtaí suntasacha GLAS seo, go háirithe an €3m a d'eisíomar le coisís anuas agus leanfaimid orainn ag íoc íocaíochtaí comhardaithe le feirmeoirí cáilithe. Fuair 4,000 feirmeoir a n-íocaíocht chomhardaithe le coicís anuas mar gheall gur chuir siad a bPlean Bainistíochta Cothaithe Feirme (NMP) isteach. Ní féidir íocaíochtaí GLAS breise le rannpháirtithe GLAS I agus GLAS II a dhéanamh ach amháin nuair a cuirtear a bpleananna isteach agus iarraim ar gach rannpháirtí GLAS oibriú lena gcomhairleoir agus an plean seo a chur isteach chomh luath agus is féidir ".
Thug an tAire ar aird chomh maith go bhfuil roinnt iarratasóirí GLAS (níos lú ná 950) fós ann a chaithfidh doiciméadú gan íoc nó faisnéis eile a chur faoi bhráid na Roinne má táthar chun a réamhíocaíocht i leith 2016 a phróiseáil. D'iarr an tAire ar na hiarratasóirí sin freagra a thabhairt ar an Roinn chomh luath agus is féidir chun iarracht a dhéanamh a n-íocaíocht a chur chun cinn.
Ar deireadh, dúirt an tAire Creed "leanfaidh mo Roinnse ar aghaidh ag déanamh íocaíochtaí leanúnacha le feirmeoirí faoin gClár Forbartha Tuaithe. Tá áthas orm faoin méadú atá tagtha ar íocaíochtaí le cúpla seachtain anuas leis na mílte feirmeoirí ar fud na tíre ag fáil íocaíochtaí nua mar thoradh ar a rannpháirtíocht sna scéimeanna RDP éagsúla. Táimid tiomanta leanúint ar aghaidh ag íoc na ranníocaíochtaí seo gach seachtain leis na rannpháirtithe incháilithe".
CRÍOCH
Date Released: 30 August 2017