CREED I mBUN AN CHÉAD MHÓR-MHISEAN TRÁDÁLA BIA AS ÉIRINN GO MEICSICEO
Deiseanna nua a lorg ina chuid mhór don réiteach don Bhreatimeacht
Tabharfaidh an tAire Bia & Mara, Michael Creed T.D. faoi shraith cruinnithe inniu (Déardaoin) mar chuid den chéad Mhisean Trádála Agraibhia ó Aireacht as Éirinn go Meicsiceo. Casfaidh an tAire Creed le Fo-Rúnaí Trádála Mheicsiceo, Juan Carlos Baker Pineda agus Rúnaí Talmhaíochta Mheicsiceo (SAGARPA), An tUasal Jose Eduardo Calzada Rovirosa chomh maith le lón oibre a óstáil i gcomhar le COMECARNE (Bord Feola Mheicsiceo) agus PORCIMEX (Cónaidhm Táirgeoirí Muc Mheicsiceo) chun deiseanna comhoibrithe agus trádála a phlé.
Roimh chéim Mheicsiceo den Mhisean Trádála cúig lá chuig Críocha Mheiriceá, dúirt an tAire Creed;
“Cuirfear tús inniu le mór-iarracht comhordaithe idir mo Roinnse, Bord Bia agus an tionscal Agraibhia díriú ar Mheicsiceo mar thír a bhféadfaimis trádáil léi. Le daonra de 127 milliún duine, is margadh bríomhar atá ag forbairt é margadh Mheicsiceo a gcaithfimid ceangail agus naisc níos fearr a dhéanamh ann. I bhfianaise an Bhreatimeachta, ní mór dúinn deiseanna nua a fhorbairt ar mhargaí nua. Cuideoidh na cruinnithe seo lenár gcomhghleacaithe, chomh maith le saineolaithe áitiúla, i Meicsiceo linn tuiscint níos fearr a fháil ar an tionscal ansin agus a chinntiú go bhfuil an méid atáimid a thairiscint oiriúnach agus ag teacht le héilimh mhargadh Mheicsiceo."
Ag trácht ar an gcaidreamh reatha trádála le Meicsiceo ó thaobh an Agraibhia de, thug an tAire ar aird:
“Thuairiscigh an Príomh-Oifig Staidrimh gurbh ionann luach onnmhairí déirí is €52.5M in 2016 arbh ionann é is 91% d'onnmhairí talmhaíochta ar fad go Meicsiceo anuraidh. Níl teacht againn ar mhargadh feola Mheicsiceo faoi láthair. Dá bhrí sin tá sé beartaithe agam ceistiúchán ar mhuiceoil a chur i láthair na n-údarás ábhartha anseo, céim thábhachtach i dtreo áit a fháil ar an margadh. Tá sé i gceist agam freisin a fhógairt go bhfuil sé i gceist againn rochtain a lorg ar mhargadh mairteola Mheicsiceo."
Nótaí d'Eagarthóirí
• Tá daonra 127 milliún duine i Meicsiceo, an 11ú tír is mó ar domhan a bhfuil daonra inti. Geilleagar Mheicsiceo an 15ú geilleagar is mó ar domhan agus é measta go mbeidh sé ar na chúig gheilleagar is mó faoi 2050.
• Tá méadú tuairim is 20% tagtha ar onnmhairí agraibhia go Meicsiceo ó €47.1 milliún (10,300 tonna) in 2012 go €57.4 milliún (15,900 tonna) in 2016.
• Ó thaobh déiríochta, ba í Meicsiceo an 13ú tír is mó ar cuireadh onnmhairí déirí na hÉireann in 2016, suas le €52.6 milliún nó 14,500 tonna ar an iomlán. Is ionann sin is ardú de bheagnach 50% ón méid a bhí i gceist in 2012 arbh ionann é is €35.1 milliún nó 8,000 tonna. Is iad na príomhchatagóirí:
o Bainne foirmle do naíonáin- €9.2 milliún, 814 tonna
o Púdair Bhainne Ramhraithe (FFMP) - €17.8 milliún, 8.396 tonna
o Cáiséin- €25.0 milliún, 5,132 tonna
• An catagóir eile is mó ó thaobh onnmhairí go Meicsiceo ná deochanna arbh fhiú €4 mhilliún (1,163 tonnes) é in 2016.
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 113/2017 (pdf 431Kb)
Date Released: 22 June 2017