Tugann an tAire Doyle Nuashonrú maidir le Talamh Thalmhaíochta agus Foraoise Dhóite
Tá Gach Ceann de na Cásanna á nImscrúdú ag an Roinn inar Dódh Talamh go Neamhdhleathach
Thug an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle, T.D., nuashonrú inniu ar an tsaincheist a bhaineann leis an dó neamhdhleathach a rinneadh le déanaí ar thalamh thalmhaíochta agus foraoise ónar eascair gur bhris tinte móra amach i gcontaetha éagsúla ar fud na tíre. Déantar an nuashonrú seo i ndiaidh gur thug an tAire Doyle cuairt ar shuíomh na dtinte aitinn a thit amach le déanaí i nGleann na Cluaise i nGaillimh. Rinne tinte fairsinge gan smacht a lasadh ar fud na tíre le déanaí díobháil mhór do cheantair mhóra thalamh thalmhaíochta agus foraoise.
Dúirt an tAire Doyle, agus é ag caint faoin díobháil, “Tá anailís á déanamh ag oifigigh i mo Roinn faoi láthair ar réimse leathan d’íomhánna satailíte chun talamh a dódh go neamhdhleathach i rith an tséasúir shonraithe dhúnta chun talamh a dhó a shainaithint. Tá scrúdú á dhéanamh, chomh maith, ar íomhánna stairiúla satailíte mar chuid den phróiseas seo. Measfar go mbeidh talamh thalmhaíochta agus foraoise incháilithe a sainaithníodh amhail bheith dóite go neamhdhleathach mar chuid den imscrúdú seo neamh-incháilithe le haghaidh íocaíochta faoin scéim Buníocaíochta agus faoi scéimeanna ceantarbhunaithe eile.”
Chuir an tAire feirmeoirí agus a gcomhairleoirí ar an eolas ar an méid a leanas i dtaca le talamh thalmhaíochta agus le talamh incháilithe foraoise a dhóitear go neamhdhleathach i rith an tséasúir dhúnta i.e. idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa:
- Níl an talamh sin incháilithe d’íocaíocht faoin Scéim Buníocaíochta agus faoi scéimeanna ceantarbhunaithe eile;
- Ba cheart d’fheirmeoirí a chuir talamh a dódh go neamhdhleathach san áireamh ina n-iarratas ar Scéim Buníocaíochta 2017, atá seolta ar ais chuig an Roinn cheana féin, an talamh seo a bhaint anois trí Fhoirm Leasaithe a sheoladh roimh an dáta deiridh chun leasuithe a fháil, i.e. an 31 Bealtaine nó an 9 Meitheamh (gearrfar pionós);
- Má chuirtear talamh a dódh go neamhdhleathach san áireamh i Scéim Buníocaíochta 2017, b’fhéidir go n-íocfar íocaíocht laghdaithe agus b’fhéidir go ngearrfar pionóis faoin scéim seo agus faoi na scéimeanna ceantarbhunaithe eile, e.g. Scéim na Limistéar faoi Shrian Nádúrtha;
- Sa chás go sainaithnítear, mar chuid den imscrúdú reatha, gur dódh tailte i rith an tséasúir dhúnta, b’fhéidir go ndéanfaidh oifigigh na Roinne cigireacht ar an talamh sin dá bharr.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire; “Tá imscrúdú gníomhach á dhéanamh ag mo Roinn ar gach ceann de na cásanna de thalamh a dódh go neamhdhleathach le déanaí trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht/na híomhánna satailíte is cothroime le dáta. Ní ghlacfaidh mo Roinn le cásanna inar dódh talamh go neamhdhleathach agus rachaidh sí i mbun na ngníomhartha riachtanacha go léir lena chinntiú go gcloítear le coinníollacha na scéimeanna éagsúla ceantarbhunaithe a chistíonn an AE, íocaíochtaí a laghdú agus pionóis a ghearradh ina measc, sa chás gurb infheidhme.”
Nóta d’Eagarthóirí
Rialaítear fásra a dhó sna Achtanna um Fhiadhúlra. Cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú ag Alt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) chun aon fhásra a dhó, ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa i mbliain ar bith, atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil saothraithe ag an tráth sin. Féadfaidh an Garda Síochána an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (an SPNF) daoine aonair a dheimhnítear a rinne fásra a dhó laistigh den tréimhse thoirmiscthe sin a ionchúiseamh. Níl aon ról ag an RTBM maidir le hionchúisimh.
Tá dualgas ar iarratasóirí faoin Scéim Buníocaíochta agus faoi scéimeanna ceantarbhunaithe eile chun cloí le Tras-Chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir le fásra a dhó agus an díobháil a dhéantar dá thoradh sin ar thalamh shainithe. Sa chás go ndeimhnítear, ar imscrúdú a dhéanamh nó ar Thras-Thuarascáil a fháil ón SPNF, go raibh iarratasóir freagrach as na ceanglais seo a shárú, féadtar pionós a ghearradh ar íocaíochtaí atá le híoc faoi na scéimeanna seo.
Meastar go bhfuil talamh a dheimhnítear a dódh i rith an tséasúir dhúnta a shonraítear chun talamh a dhó neamh-incháilithe go huathoibríoch faoi na scéimeanna éagsúla tacaíochta.
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 89/2017 (pdf 385Kb)
Date Released: 17 May 2017