Miondíoltóirí orgánacha - Leagann Doyle síos an próiseas maidir le díolúintí a dheonú
Thug an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle, TD., cuntas inniu ar an bpróiseas a bhaineann le díolúintí a dheonú ó na gnáthchoinníollacha ceadúnaithe do mhiondíoltóirí nach mbíonn ar a gcuid seilfeanna acu ach táirgí orgánacha réamhphacáilte amháin.
Ag tagairt do na rialacha ginearálta a bhaineann le táirgí orgánacha a dhíol, dúirt an tAire "Ní mór d'aon oibreoir a bhíonn ag gabháil do tháirgeadh, ullmhú, stóráil nó allmhairiú (ó thríú tíortha) táirgí orgánacha, nó a chuireann táirgí den sórt sin ar an margadh, a bheith cláraithe agus ceadúnaithe mar oibreoir orgánach."
Féadfaidh Ballstáit díolúine a thabhairt d'oibreoirí nach ndíolann ach amháin táirgí orgánacha réamhphacáilte, ar an gcoinníoll nach raibh baint acu le hullmhú, allmhairiú nó stóráil na dtáirgí sin seachas mar phointe díolacháin dóibh féin, nó nach bhfuil sé sin curtha ar chonradh acu chuig oibreoir eile chun é a dhéanamh ar a son.
Ba cheart do mhiondíoltóirí a cháilíonn le haghaidh díolúine, iarratas a dhéanamh láithreach chuig Aonad Orgánach na Roinne ag úsáid na foirme iarratais caighdeánaí, atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne
http://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/organicfarming/organicretailers
Dúirt an tAire arís 'má tá tú ag díol táirgí orgánacha, ní mór duit ceadúnas orgánach a bheith agat i do cheart féin nó a bheith cáilithe i gcomhair díolúine"
Tosóidh cigirí na Roinne ag dul amach chuig na miondíoltóirí go léir atá ag díol táirgí orgánacha go luath agus ní mór dóibh a bheith in ann ceadúnas bailí nó díolúine a thaispeáint má iarrtar orthu sin a dhéanamh.
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil:DAFMPR 75/2017 (pdf 302Kb)
Date Released: 27 April 2017