Maoiniú breis is €800,000 fógartha ag Creed do Líonra Feirmeoireachta Sóisialta chomh maith le roinnt eile tionscadal
Tacaíocht láidir do Thionscnaimh Feirmeoireachta Sóisialta
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu na tionscadail a bhfuil maoiniú faighte i mbliana acu faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe CEDRA. €804,825 ar fad a rachaidh chun tairbhe tionscnaimh a dhéanfaidh tionscadail feirmeoireachta sóisialta a fhorbairt agus a chur chun cinn i gceantair thuaithe.
“Tá ríméad orm tacú le roinnt tionscnamh a dhéanfaidh feirmeoireacht shóisialta a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud cheantair thuaithe in Éirinn" a deir an tAire Creed. Tugann feirmeoireacht shóisialta deis do dhaoine, atá ag baint leasa as réimse tacaíochtaí seirbhíse sláinte, a bheith páirteach i bhfeirmeoireacht ina gceantar féin. Tá a fhios agam gur chuidigh tionscadail gairneoireachta agus feirmeoireachta le go leor rannpháirtithe i dtaobh folláine agus le misneach a thabhairt dóibh. Baineann na teaghlaigh feirmeoireachta rannpháirteacha an-tairbhe agus an-sásamh as an bhfeirmeoireacht shóisialta agus cuireann go mór leis an bpobal.
“Léiriú iad na tionscnaimh feirmeoireachta sóisialta ar an seanfhocal Gaeilge ‘ní neart go cur le chéile’ agus tá súil agam go mbainfidh pobail tuaithe tairbhe cheart as na tionscadail feirmeoireachta sóisialta agus as an Líonra Feirmeoireachta Sóisialta."
Tá maoiniú €542,325 bronnta ag an Aire ar dhá thionscadal feirmeoireachta sóisialta mar chuid den phróiseas iomaíoch tairisceana faoin scéim CEDRA. Ar Chuideachta Forbartha Liatroma a bronnadh an chéad chonradh tionscadail chun Líonra Feirmeoireachta Sóisialta a bhunú ar fud na tíre. Maoiniú €400,000 a bhí i gceist. Ar Chomhpháirtíocht Forbartha Dheisceart Chiarraí a bronnadh an dara tionscadal. Cuireadh maoiniú €142,325 ar fáil chun Samhail d'Fheirmeoireacht Shóisialta a chur ar fáil.
Bronnadh maoiniú i bpáirt de €250,000 ar dhá thogra feirmeoireachta sóisialta eile. Bronnadh €137,000 ar Down Syndrome Ireland (Craobh Chorcaí) chun ionad gairneoireachta do dhaoine fásta a bhfuil Down Syndrome orthu a fhorbairt. Bronnadh maoiniú €113,000 ar Chuideachta Forbartha Liatroma i gcomhar leis an gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD) chun tionscadal maidir le dea-chleachtas i bhfeirmeoireacht shóisialta ar bhonn náisiúnta agus áitiúil a bhunú.
Ar deireadh, thug an Roinn urraíocht €12,500 do Barry Kavanagh (le tacaíocht ó Social Farming Across Boundaries Ltd) dá ghairdín feirmeoireachta sóisialta ag Bloom 2016 a chuidigh le feasacht a ardú agus coincheap na feirmeoireachta sóisialta a chur chun cinn.
Nótaí don Eagarthóir
- Ciste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe CEDRA: leithroinnt €1.5milliún i gcaiteachas DAFM in 2016 a bhaineann le: fiontraíocht i measc na mban faoin tuath, turasóireacht agraibhia agus feirmeoireacht shóisialta.
- Is éard is Feirmeoireacht Shóisialta ann deis ar ghairneoireacht agus ar fheirmeoireacht a thabhairt, ar bhonn deonach, i dtimpeallacht feirmeoireachta do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí teiripeacha tacaíochta lae.
Vew this Press Release as a PDF: DAFMPR 19/2017 (pdf 385Kb)
Date Released: 06 February 2017