Seolann Doyle Cúrsa Oiliúna Nua d'Oibritheoirí Meaisín Foraoise i gColáiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis - Buainteoir Foraoiseachta den Chineál is Úire / Ionsamhlóir Seoltóra
D’fhógair Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht forbairt chúrsa oiliúna nua d’oibritheoirí meaisín foraoise i gColáiste Talmhaíochta Teagasc i mBéal Átha hÉis, Contae an Chabháin inniu. Nocht an tAire buainteoir/ionsamhlóir seoltóra nua freisin, a mbeidh ina gcodanna tábhachtacha den oiliúint.
Ag labhairt ag an bhfógairt, dúirt an tAire “Soláthraíonn earnáil fuinniúil foraoiseachta foinse tábhachtach ioncaim don gheilleagar tuaithe. Tá lucht oibre oilte ag teastáil de réir an ardú i dtáirgeadh adhmaid chun an adhmaid seo a bhuain, a bhaint amach agus a iompar. Soláthraíodh an clár oiliúna atá á cur i bhfeidhm faoi láthair teastasú aitheanta dár mic léinn agus is céim tábhachtach é agus taca a chur faoin earnáil seo”
Tugadh faoi deara sa Tuarascáil COFORD, “Leas a bhaint as acmhainn foraoise na hÉireann” go bhfuil gá le soláthar chlár oiliúna d’oibritheoirí meaisín buainte atá eagraithe agus structúrtha go maith ar bhonn náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt do oibríochtaí tanaithe ar ardchaighdeán agus chun cur le húsáid lomáin chruinne. Soláthraíodh an clár oiliúna atá á cur i bhfeidhm faoi láthair teastasú aitheanta do mhic léinn a chloíonn le caighdeáin DCCE (QQI) agus City and Guilds. De bharr an chúrsa nua, a bheidh lonnaithe i gColáiste Talmhaíochta Teagasc i mBéal Átha hÉis, Contae an Chabháin, beidh mic léinn in ann na scileanna nua seo a fhoghlaim anseo in Éirinn seachas dul thar lear.
Dhírigh an tAire Doyle aird ar An Scéim um Bóithre Foraoise agus ar a fhógra le déanaí maidir le soláthar tacaíochta d’iompróirí adhmaid teicneolaíocht theannadh Boinn Lárnaigh a ghlacadh mar bhearta a bhfuil a Roinn a thabhairt faoi chun úsáid an acmhainn reatha adhmaid a spreagadh agus a éascú agus an cúrsa nua d’oibritheoirí meaisín foraoise ag cur leis an cuspóir sin freisin.
Mar fhocal scoir, chuir an t-Aire fáilte roimh an gcomhoibriú idir grúpaí ionadaíocha tionsclaíochta agus oideoirí maidir le forbairt an tionscnamh oiliúna agus rinne sé comhghairdeas le gach páirtí a bhfuil ionadaíocht acu ar an nGrúpa Oiliúna d’Oibritheoirí Meaisín Foraoise as a gcuid físe agus tiomantais agus an tionscadal a chur i gcrích acu.
“Is féidir na ceachtanna a fhoghlaimtear sa rang agus ar an ionsamhlóir a thabhairt don chéad leibhéal eile ar buainteoirí agus seoltóirí fíor. Chuir na gealltanais ar thug ionadaithe tionsclaíochta leis an leanúnachas seo a fheabhsaíodh éifeachtach agus rath an chúrsa” arsa an tAire Doyle.
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 155/2016 (pdf 448Kb)
D’fhógair Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht forbairt chúrsa oiliúna nua d’oibritheoirí meaisín foraoise i gColáiste Talmhaíochta Teagasc i mBéal Átha hÉis, Contae an Chabháin inniu. Sa phictiúr leis ó chlé go deas: John Kelly Príomhoide Choláiste Talmhaíochta Teagasc, Béal Átha hÉis, Co an Chabháin, Marianne Lyons agus Arthur Kearns, roinn foraoiseachta Choláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis.
Date Released: 09 November 2016