There were 1,479 press releases posted in the last 24 hours and 413,752 in the last 365 days.

Fógraíonn Creed go ndéanfar broic a vacsaíniú mar chuid den chlár díothaithe eitinne bólachta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu go gcuirfear tús le broic a vacsaíniú in aghaidh eitinne mar chuid lárnach den chlár díothaithe eitinne bólachta ó Eanáir 2018 ar aghaidh.

Dúirt an tAire Creed, “Céim mhór chun cinn é seo sa chlár díothaithe eitinne bólachta. Tugadh aghaidh ar an mbeart i ndiaidh go leor blianta de thaighde eolaíochta a dhéanamh a chistigh mo Roinn ar vacsaín BCG a úsáid i measc broc, atá in ainm is an tionchar a imríonn galar a laghdú san óstach fiadhúlra seo ar ais isteach sa daonra eallaí”.

Dúirt an tAire, chomh maith, “Deimhníonn na torthaí taighde is déanaí gur féidir le broic a vacsaíniú ról a chomhlíonadh chun an leibhéal ionfhabhtaithe i measc eallaí a laghdú. Cé nach ionann broic a vacsaíniú agus réiteach deiridh ar an gceist, tá sé tábhachtach sa mhéid go dtéann sé i ngleic leis na gnéithe ríthábhachtacha laistigh den dúshlán casta chun deireadh a chur le heitinn. Cuirfidh seo ar ár gcumas bogadh ar aghaidh go luath i mbliana chun straitéis chuimsitheach a fhorbairt agus a athsheoladh, i gcomhairle le páirtithe leasmhara, chun deireadh a chur le heitinn”.

Tabharfaidh an fhoireann ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi bhroic a vacsaíniú. Cuirfear tús leis an gclár vacsaínithe i gceantair a bhí mar chuid de na trialacha allamuigh cheana féin a léiríonn chomh héifeachtach atá sé broic a vacsaíniú. Tabharfar isteach é go hincriminteach chuig codanna eile den tír le himeacht ama, agus trí bhroic a vacsaíniú, ní bheidh gá ann fáil réidh leo diaidh ar ndiaidh.

Dúirt an tAire Creed mar fhocal scoir, trí fháilte a chur roimh bhroic a vacsaíniú, cuirtear ar chumas na hÉireann bogadh ar aghaidh i dtreo eitinne bhólachta a dhíothú ar bhealach rialaithe agus iomlánaíoch, a dhéanfaidh an daonra broc a chosaint agus a dhéanfaidh eallaí agus slite maireachtála feirmeoirí a chosaint, chomh maith.

Nótaí d’eagarthóirí:

Cruthaíonn eitinn i measc eallaí bagairt do shláinte an phobail, sláinte ainmhithe agus do thrádáil. Infheistíonn an Roinn agus an tionscal suimeanna móra i gclár díothaithe eitinne gach bliain.

Is é ionfhabhtú Mycobacterium Bovis is cúis le heitinn bhólachta, agus féadfaidh an t-orgánach seo broic a ionfhabhtú chomh maith. Tá ionfhabhtú forleathan ann sa daonra broc in Éirinn. Féadfaidh broic ionfhabhtaithe eitinn a tharchur d’eallaí.

Sa chlár reatha díothaithe eitinne, déantar broic a bhaint faoi cheadúnas faoi chúinsí áirithe, i ndiaidh go ndearnadh imscrúduithe eipidéimeolaíochta a chruthaigh go bhfuil ceangal idir ionfhabhtú i measc eallaí agus broic. Tá an straitéis idirghabhála seo in ainm is leathnú tarchuir ó bhroic go cait a laghdú.

Sínitheoir í Éire le Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint, agus tá sé tiomanta d’fhiadhúlra na hÉireann a chosaint. Ní straitéis inbhuanaithe ná inmhianaithe broic a bhaint go fadtéarmach.

Thaispeáin taighde a chistigh an RTBM go n-imríonn sé tionchar cosanta chun broic a vacsaíniú le Bacillus Calmette Guérin (BCG), ar vacsaín eitinne í a úsáidtear i measc daoine. Thug an taighde is déanaí le fios, chomh maith, go n-imríonn clár vacsaínithe broc, faoi mar a oibrítear é i dtimpeallacht na trialach allamuigh, a mhacasamhail de thionchar a imríonn broic a bhaint maidir leis an riosca i leith eitinn a tharchur ó bhroic go heallaí a laghdú.

CRÍOCH

Seoladh an ríomhphost seo chugat mar gheall go ndearna tú idirchaidreamh linn roimhe seo nó léirigh tú gur spéis leat a bheith san áireamh ar ár liosta seoltaí. Mura mian leat ríomhphoist ina bhfuil sonraí faoi phreaseisiúintí a fháil a thuilleadh, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, trí ríomhphost a sheoladh chuig press@agriculture.gov.ie agus scríobh  ‘díliostáil’ sa líne ábhair agus bainfimid thú ónár dtaifid.

Date Released: 15 January 2018