There were 1,723 press releases posted in the last 24 hours and 401,939 in the last 365 days.

Deimhníonn Creed go leanfar le tacaíochtaí a sholáthar i dtreo deireadh a chur le Buinneach Víreasach Bhólachta(BVD)

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., inniu go leanfaidh a Roinn le tacaíochtaí a sholáthar chun laonna atá ionfhabhtaithe go seasta (IS) a bhaint go luath faoin gClár Díothaithe Buinneach Víreasach Bhólachta (BVD) in 2018.

Dúirt an tAire Creed go raibh sé an-sásta leis an dul chun cinn a rinneadh in BVD a dhíothú i gcaitheamh 2017.  Dúirt sé, chomh maith, “Tá na tacaíochtaí ag cabhrú leis an iarracht chun é a dhíothú.  Anuas air sin, is léir go bhfuil an cinneadh an-éifeachtach a rinneadh i bhFeabhra 2017 chun cosc uathoibríoch a chur ar thréada a choimeádann ISanna níos faide ná an tréimhse 5 seachtaine.”

Thug an tAire faoi deara go raibh coigilteas substainteach á bhaint amach ag feirmeoirí - baineadh coigilteas de bhreis ar €70 milliún amach in 2017 agus tháinig titim ar fhorleithne ISanna i mbliana anuas go dtí ach 0.1% ó 0.66% in 2013 - an chéad bhliain inar cuireadh an chéim éigeantach den chlár díothaithe i bhfeidhm.

Seo a leanas na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil in 2018 i dtaca le luathbhaint laonna IS:

Déirí

  • €150 má bhaintear na laonna baineanna déirí agus crosphóraithe déirí laistigh de 21 lá (3 seachtaine) i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
  • €35 má bhaintear na laonna baineanna déirí agus crosphóraithe déirí laistigh de thréimhse idir 22 agus 35 lá (an 4ú agus an 5ú seachtain) i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
  • €30 i dtreo laonna fireanna déirí a dhiúscairt tríd an seamlas nó tríd an gcniogaire laistigh de 21 lá i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.

Mairteoil

  • €185 má bhaintear an lao laistigh de 21 lá (3 seachtaine) i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.
  • €60 má bhaintear an lao idir 22 agus 35 lá (an 4ú agus an 5ú seachtain) i ndiaidh gur baineadh an chéad toradh dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.

Srianta ar Thréad

Leanfaidh an córas srianta uathoibríocha a bheith i bhfeidhm ar feadh 5 seachtaine i ndiaidh an dáta a baineadh an toradh bunúil dearfach nó neamhchonclúideach amach i dtástáil.  Sheachain an socrú seo deireadh a chur leis an tréad gan choinne láithreach bonn agus soláthraíonn sé an deis chun ainmhithe a atástáil, más gá.

Tástáil deimhnithe

Ar nós na socruithe in 2017, déantar tástáil deimhnithe trí shampláil fola.  Leanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le bailiú samplaí fola ag Cleachtóir Príobháideach Tréidliachta (PVP) agus tástáil a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin a chistiú, agus nuair a dhéantar sampláil orthu i gcomhthráth, tástáil a dhéanamh ar a máithreacha.

Dheimhnigh an tAire, chomh maith, go leanfaidh an córas ar aghaidh in 2018 ina ndéantar imscrúdú éigeantach ar thréada feirme a luaithe a nochtar IS (TASAH).  Cruthaíodh go dtéann an socrú seo, a chistítear faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2014-2020, chun sochair feirmeoirí maidir le cabhrú leo chun an galar a dhíothú.

Ar deireadh, ghlac an tAire an deis chun buíochas a ghabháil le Sláinte Ainmhithe Éireann agus le Grúpa um Chur i bhFeidhm BVD an tionscail as ucht a n-oibre luachmhaire i gcaitheamh 2017.

 CRÍOCH

Date Released: 13 December 2017