There were 1,773 press releases posted in the last 24 hours and 400,320 in the last 365 days.

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh Athbhreithniú an AE ar dhleachtanna frithdhumpála ar Allmhairí Leasacháin

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. roimh "fógra ón gCoimisiún Eorpach go bhfuil athbhreithniú eatramhach páirteach le tionscnamh ar bhearta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairithe de níotráit amóiniam a thagann as an Rúis". Tá an tsaincheist maidir le dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí leasacháin ón Rúis ardaithe roinnt uaireanta ag an Aire ag Comhairle na nAirí Talmhaíochta, an uair dheireanach díobh sin i mí Meithimh 2017 i Luscamburg.

Ag tagairt don athbhreithniú inniu, dúirt an tAire "Tuigim go maith go bhfuil costas mór ag baint le leasachán ar fheirmeacha.  Go deimhin, measann Eurostat gur leasachán an tríú ní is mó a gcaitear airgead air ar fheirmeacha an AE, costas arbh ionann é agus €19.2 billiún de chostais ionchuir in 2014.  Tá ceist na dtaraifí frithdhumpála ar allmhairí leasacháin ardaithe roinnt uaireanta agam sa Chomhairle mar go gcuireann siad costas breise suntasach ar fheirmeoirí na hÉireann.  Cé gur saincheist sách achrannach a bhí anseo, toisc tuairimí éagsúla a bheith ag na Ballstáit ar an ábhar, tá áthas orm go bhfuil sé fógartha ag an gCoimisiún go bhfuil sé i gceist aige an t-athbhreithniú seo dhéanamh.

Maidir le feirmeacha na hÉireann, de réir mheastacháin deiridh 2016 an CSO i ndáil le hAschur, Ionchur agus Ioncam Talmhaíochta, b'ionann an caiteachas ar leasachán in 2016 agus €508 milliún.

Idir €32.83 agus €47.07 an tonna ar níotráit amóiniam an dleacht frithdhumpála a ghearrtar ar allmhairí leasacháin as an Rúis. Is nítrigin an príomhchothaitheach a úsáidtear in Éirinn i gcomparáid le Fosfar nó Potaisiam.

CRÍOCH

 

Date Released: 29 August 2017