There were 1,773 press releases posted in the last 24 hours and 400,355 in the last 365 days.

Seolann Creed Food Wise: Steps to Success 2017 Cur i bhfeidhm food wise á dhúbailt mar chuid den fhreagairt do Brexit

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., an dara tuarascáil ar dhul chun cinn ar Food Wise 2025: Steps to Success 2017 inniu.

Ag labhairt inniu dó, dúirt an tAire Creed “Ó seoladh é in Iúil 2015, tháinig Food Wise 2025 chun cinn ó straitéis ardleibhéil isteach i dtreoirphlean comhroinnte do chách a bhfuil baint acu san earnáil.   Díreoidh mé sa bhliain amach romhainn ar thacú leis an earnáil agraibhia (foraoiseacht agus iascaireacht san áireamh) chun leanúint le cur go ríthábhachtach le geilleagar na hÉireann, ar bhealach atá inbhuanaithe i dtaobh cúrsaí geilleagracha, sóisialta agus comhshaoil.”

Lean an tAire ar aghaidh lena rá “Cé go bhfuil éiginnteacht shuntasach roimh an tionscal faoi láthair arb é Brexit is cúis go príomh leis, níor cheart beag is fiú a dhéanamh de chumas na hearnála chun an fód a sheasamh agus éagsúlú a dhéanamh nuair a chuirtear dúshlán roimpi. Tá na bearta a bheartaítear in Food Wise 2025 níos ábhartha fiú, a bhuíochas leis na dúshláin a chruthaíonn Brexit.”

Tá an tAire Creed mar chathaoirleach ar Choiste um Chur i bhFeidhm Ardleibhéil (HLIC) Food Wise, le hionadaithe sinsearacha ó gach Roinn Rialtais agus gníomhaireacht Stáit ábhartha, a chinntíonn cur chuige comhcheangailte. “Déanfaimid cur chun cinn mholtaí ábhartha Food Wise a dhúbailt”, a dúirt an tAire, “go háirithe iad siúd a bhaineann le forbairt an mhargaidh, iomaíocht agus nuálaíocht, mar chuid dár bhfreagairt do Brexit. Leagann Food Wise tiomantas orainn chun na caighdeáin is airde de chosaint comhshaoil, sábháilteacht bhia agus dearbhú cáilíochta a bhaint amach, agus baineann ríthábhacht le gach ceann díobh maidir le forbairt inbhuanaithe na hearnála.”

Leagtar béim in Steps to Success 2017ar an dul chun cinn a baineadh amach sa dara bliain i gcur i bhfeidhm straitéis mhionsonraithe Food Wise 2025. As na 368 gníomh a bhí le tosú faoin mbliain 2017 nó ar gníomhartha leanúnacha iad, baineadh 46% díobh amach nó tugadh faoi ghníomh substainteach ina dtaobh; agus cuireadh tús le 49% sa bhreis díobh agus tá dul chun cinn maith á dhéanamh acu.  Luaigh an tAire Creed ‘léiríonn seo dul chun cinn maith ach beidh mé cromtha ar a mhéid gníomhartha agus is féidir a thabhairt chun críche laistigh den chéad bhliain eile’.

Tugtar samplaí in Steps to Success de chomhoibriú rathúil Stáit i measc phríomhthéamaí Food Wise, anuas ar nuashonruithe a sholáthar ar na trí thosaíocht don bhliain 2016, Teach Smaointeoireachta an Bhoird Bhia, Teicneolaíocht Feoil Éireann (‘Meat Technology Ireland’); agus an tionscnamh ‘2017: Bliain an Fhéaraigh Inbhuanaithe’.

Leag an tAire Creed an bhéim ar chuid de na príomhthosaíochtaí don chéad bhliain eile de chur i bhfeidhm Food Wise:

  • ‘ionad ilfhreastail’ a chruthú chun daoine aonair a mhealladh agus a chur ar an eolas ar na tairbhí a bhaineann le gairm san earnáil;
  • ‘foireann nuálaíochta ardleibhéil’ a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní reatha nuálaíochta san earnáil agraibhia agus chun na hacmhainní nuálaíochta siúd a mhargú níos fearr;
  • Bhí sé mar fhocal scoir ag an Aire Creed ”Tugann Steps to Success 2017 tús áite, chomh maith, do chleachtadh tábhachtach próifílithe margaidh do mhargaí féideartha tríú tír agus AE d’easpórtálacha Éireannacha mar fhreagairt do Brexit. Cuirfidh an cleachtadh seo lenár gclár treisithe de mhisin trádála agus le tionscnaimh eile atá dírithe ar mhargaí nua a oscailt agus margaí reatha a fhorbairt.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá Steps to Success 2017 agus tuarascáil mhionsonraithe ar stádas ghníomhartha Bhliain 2 Food Wise 2025 ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: http://www.agriculture.gov.ie/foodwise2025/

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 126/2017 (pdf 525Kb) 

06.07.17

Aidan O’Driscoll, Ard-Rúnaí sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcuideachta an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., ag seoladh an dara tuarascáil ar dhul chun cinn ar Food Wise 2025: Steps to Success 2017 inniu.

Date Released: 06 July 2017