There were 1,683 press releases posted in the last 24 hours and 401,840 in the last 365 days.

Fógraíonn Creed Cathair Chorcaí mar óstchathair do Lá Muirí na hEorpa 2020

Gabhann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., comhghairdeas le Cathair Chorcaí as bheith ainmnithe mar óstchathair do Lá Muirí na hEorpa sa bhliain 2020 ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. Is é Lá Muirí na hEorpa an mhórimeacht i bhféilire muirí an Aontais Eorpaigh, lena mbaineann comhdháil dhá le hos cionn 1,000 geallsealbhóir ó fud an Aontais Eorpaigh ag teacht le chéile chun forbairt na hearnála sin a phlé.  Beidh sé seo mar an chéad uair a fheidhmeoidh Éire mar óst-tír don mhórimeacht seo. Beidh SeaFest, féile mhuirí náisiúnta na hÉireann ar siúl i gCorcaigh i dteannta leis an gcomhdháil.

Ag labhairt dó de bhun an fhógra, dúirt an tAire Creed “Gabhaim comhghairdeas le Cathair Chorcaí as an imeacht mhór le rá seo a shlánú don chathair. Is ionad feiliúnach é Corcaigh do Lá Muirí na hEorpa, agus b’onóir domsa chun tacú leis an ainmniúchán. Is cathair bhríomhar ghnóthach le calafort í Corcaigh, agus pobal dinimiciúil fuinnmheach ann, chomh maith le stair mhuirí shaibhir”. 

Dúirt an tAire leis sin “Comhtharlóidh Lá Muirí na hEorpa sa bhliain 2020 leis an gcomóradh 300 bliain do Chumann Luamhaireachta Ríoga Chorcaí, ar ceann de na cumainn luamhaireachta is sine ar domhan é.  Comhtharlóidh 2020 freisin leis an spriocdháta atá socraithe inár bplean muirí comhtháite náisiúnta, Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin, agus is deis í mar sin chun léiriú dár gcomhghleacaithe Eorpacha an chaoi inar forbraíodh an earnáil luachmhar seo dár ngeilleagar in Éirinn. Is amhlaidh a reáchtálfar ár bhféile mhuirí náisiúnta, SeaFest, i gcomhar leis an gcomhdháil i gCorcaigh. Táthar tar éis samhlaíocht an phobail a ghabháil go fírinneach leis an bhféile seo, le tinreamh 60,000 uirthi i nGaillimh i mí Iúil na bliana 2016.  Is í an díograis sin, ag cuimsiú ár gcultúir mhuirí, ar féidir linn a thabhairt d’óstáil Lá Muirí na hEorpa sa bhliain 2020”.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Ba le comhfhógra an 20 Bealtaine 2008 idir Uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an AE a ainmníodh 20 Bealtaine mar Lá Muirí na hEorpa, leis an aidhm chun fóram a chruthú do dhaoine ó fud an tsaoil mhuirí chun líonrú, bualadh le chéile, díospóireacht a dhéanamh agus comhoibriú san earnáil bhríomhar eacnamaíoch sin.

Baineann sraith imeachtaí ar fud na hEorpa le Lá Muirí na hEorpa, leis an eochairimeacht, Comhdháil Lá Muirí na hEorpa, arna cur in eagar ag an gCoimisiún gach aon bhliain i dtír Eorpach eile.  Fógraíodh mar óstchathracha freisin inniu, Den Helder na hÍsiltíre sa bhliain 2021, Ravenna na hIodáile sa bhliain 2022, Brest na Fraince sa bhliain 2023, Svendborg na Danmhairge sa bhliain 2024.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 116/2017 (pdf 366Kb) 

Date Released: 26 June 2017