Fógraíonn Doyle Tosach Feidhme an Achta Foraoiseachta, 2014
D’fhógair Andrew Doyle, TD, Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Foraoiseacht, inniu tosach feidhme an Achta Foraoiseachta, 2014, a tháinig i bhfeidhm Dé Céadaoin, an 24 Bealtaine 2017. Tiocfaidh rialacháin nua foraoiseachta, ina dtugtar an bunús rialála le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí foraoiseachta lena n-áirítear ceadúnú leagain, toirchiú ón aer, foraoisiú agus tógáil bóithre foraoise, i bhfeidhm freisin ar an dáta sin.
Ag déanamh an fhógra dó, dúirt an tAire Stáit “Is píosa tábhachtach reachtaíochta é an tAcht Foraoiseachta, 2014, a chuideoidh go mór le forbairt na foraoiseachta trí chóras níos solúbtha a thabhairt chun gníomhaíochtaí foraoiseachta a rialú, go ginearálta, agus leagan crann go háirithe. Cé go raibh an tAcht Foraoiseachta, 1946 againn agus gur fhreastail sé go maith orainn le seachtó bliain, bhí gá é a athchóiriú. Dúirt sé “Táim muiníneach go n-éascóidh an tAcht Foraoiseachta nua, ina bhfuil foráil chun rialacháin a dhéanamh thar an speictream iomlán gníomhaíochta foraoiseachta, forbairt ár n-acmhainne agus ár dtionscail foraoise náisiúnta ar leibhéal áitiúil atá bunaithe faoin tuath den chuid is mó, agus ar leibhéal náisiúnta ó thaobh a rannchuidiú don gheilleagar”.
Ceann de na hathruithe is mó a thabharfar isteach leis an Acht agus a rialacháin ghaolmhara ná sruthlíniú an chórais ceadúnaithe maidir le crainn a leagan. Ón 24 Bealtaine 2017, beidh próiseas ceadúnais aonair ann chun crainn a leagan, beidh tréimhse níos faide ag gabháil le ceadúnais leagain agus beidh liosta méadaithe de chrainn díolmhaithe nach dteastóidh ceadúnas leagain uathu. Tugtar isteach pionóis níos géire freisin leis an Acht i gcás leagan neamhdhleathach crann agus é mar aidhm an limistéar foraoise reatha a choinneáil agus cabhrú chun dífhoraoisiú sa todhchaí a chosc.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Stáit Doyle, “Tá sé tábhachtach go n-éascaíonn an creat rialála i gcomhair foraoiseachta forbairt an tionscail ar bhealach atá ag teacht le cuspóirí cosanta comhshaoil. Cé go mbaineann an Stát buntáistí suntasacha cheana féin as ár n-acmhainn foraoise, creidim go bhfuil cumas millteanach fós ag ár n-earnáil foraoiseachta ó thaobh na mbuntáistí eacnamaíocha, comhshaoil, cinn a bhaineann le hathrú aeráide agus na buntáistí áineasa agus turasóireachta is féidir a bhaint as. Táim muiníneach i gcumas an tionscail an leas is fearr a bhaint as na deiseanna a sholáthraítear trí mhaoiniú leanúnach an Rialtais. Táim ag tnúth le bheith ag comhoibriú ionas go n-éireoidh go geal leis an earnáil ilghnéitheach seo amach anseo”.
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 91/2017 (pdf 366Kb)
Date Released: 25 May 2017