There were 1,110 press releases posted in the last 24 hours and 400,913 in the last 365 days.

Tugann an tAire Doyle Nuashonrú maidir le Talamh Thalmhaíochta agus Foraoise Dhóite

Tá Gach Ceann de na Cásanna á nImscrúdú ag an Roinn inar Dódh Talamh go Neamhdhleathach

Thug an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle, T.D., nuashonrú inniu ar an tsaincheist a bhaineann leis an dó neamhdhleathach a rinneadh le déanaí ar thalamh thalmhaíochta agus foraoise ónar eascair gur bhris tinte móra amach i gcontaetha éagsúla ar fud na tíre. Déantar an nuashonrú seo i ndiaidh gur thug an tAire Doyle cuairt ar shuíomh na dtinte aitinn a thit amach le déanaí i nGleann na Cluaise i nGaillimh. Rinne tinte fairsinge gan smacht a lasadh ar fud na tíre le déanaí díobháil mhór do cheantair mhóra thalamh thalmhaíochta agus foraoise.

Dúirt an tAire Doyle, agus é ag caint faoin díobháil, “Tá anailís á déanamh ag oifigigh i mo Roinn faoi láthair ar réimse leathan d’íomhánna satailíte chun talamh a dódh go neamhdhleathach i rith an tséasúir shonraithe dhúnta chun talamh a dhó a shainaithint. Tá scrúdú á dhéanamh, chomh maith, ar íomhánna stairiúla satailíte mar chuid den phróiseas seo. Measfar go mbeidh talamh thalmhaíochta agus foraoise incháilithe a sainaithníodh amhail bheith dóite go neamhdhleathach mar chuid den imscrúdú seo neamh-incháilithe le haghaidh íocaíochta faoin scéim Buníocaíochta agus faoi scéimeanna ceantarbhunaithe eile.”

Chuir an tAire feirmeoirí agus a gcomhairleoirí ar an eolas ar an méid a leanas i dtaca le talamh thalmhaíochta agus le talamh incháilithe foraoise a dhóitear go neamhdhleathach i rith an tséasúir dhúnta  i.e.  idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa:

  • Níl an talamh sin incháilithe d’íocaíocht faoin Scéim Buníocaíochta agus faoi scéimeanna ceantarbhunaithe eile;
  • Ba cheart d’fheirmeoirí a chuir talamh a dódh go neamhdhleathach san áireamh ina n-iarratas ar  Scéim Buníocaíochta 2017, atá seolta ar ais chuig an Roinn cheana féin, an talamh seo a bhaint anois trí Fhoirm Leasaithe a sheoladh roimh an dáta deiridh chun leasuithe a fháil, i.e. an 31 Bealtaine nó an 9 Meitheamh (gearrfar pionós);
  • Má chuirtear talamh a dódh go neamhdhleathach san áireamh i Scéim Buníocaíochta 2017, b’fhéidir go n-íocfar íocaíocht laghdaithe agus b’fhéidir go ngearrfar pionóis faoin scéim seo agus faoi na scéimeanna ceantarbhunaithe eile, e.g. Scéim na Limistéar faoi Shrian Nádúrtha;  
  • Sa chás go sainaithnítear, mar chuid den imscrúdú reatha, gur dódh tailte i rith an tséasúir dhúnta, b’fhéidir go ndéanfaidh oifigigh na Roinne cigireacht ar an talamh sin dá bharr.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire; “Tá imscrúdú gníomhach á dhéanamh ag mo Roinn ar gach ceann de na cásanna de thalamh a dódh go neamhdhleathach le déanaí trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht/na híomhánna satailíte is cothroime le dáta. Ní ghlacfaidh mo Roinn le cásanna inar dódh talamh go neamhdhleathach agus rachaidh sí i mbun na ngníomhartha riachtanacha go léir lena chinntiú go gcloítear le coinníollacha na scéimeanna éagsúla ceantarbhunaithe a chistíonn an AE, íocaíochtaí a laghdú agus pionóis a ghearradh ina measc, sa chás gurb infheidhme.”

Nóta d’Eagarthóirí

Rialaítear fásra a dhó sna Achtanna um Fhiadhúlra. Cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú ag Alt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) chun aon fhásra a dhó, ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa i mbliain ar bith, atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil saothraithe ag an tráth sin. Féadfaidh an Garda Síochána an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (an SPNF) daoine aonair a dheimhnítear a rinne fásra a dhó laistigh den tréimhse thoirmiscthe sin a ionchúiseamh.  Níl aon ról ag an RTBM maidir le hionchúisimh.

Tá dualgas ar iarratasóirí faoin Scéim Buníocaíochta agus faoi scéimeanna ceantarbhunaithe eile chun cloí le Tras-Chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir le fásra a dhó agus an díobháil a dhéantar dá thoradh sin ar thalamh shainithe.  Sa chás go ndeimhnítear, ar imscrúdú a dhéanamh nó ar Thras-Thuarascáil a fháil ón SPNF, go raibh iarratasóir freagrach as na ceanglais seo a shárú, féadtar pionós a ghearradh ar íocaíochtaí atá le híoc faoi na scéimeanna seo.

Meastar go bhfuil talamh a dheimhnítear a dódh i rith an tséasúir dhúnta a shonraítear chun talamh a dhó neamh-incháilithe go huathoibríoch faoi na scéimeanna éagsúla tacaíochta.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil:  DAFMPR 89/2017 (pdf 385Kb) 

Date Released: 17 May 2017