There were 1,839 press releases posted in the last 24 hours and 400,229 in the last 365 days.

Scéim Chromán na gCearc - Foireann Nua Tionscadail roghnaithe

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., inniu go bhfuil Foireann Tionscadail roghnaithe anois chun Scéim nua Chromán na gCearc a reáchtáil.   Roghnaíodh an fhoireann tar éis próiseas iomaíoch tairisceana a reáchtáil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Tháinig deireadh leis an bpróiseas ag deireadh mhí Eanáir.  Tar éis na tograí a fuarthas a mheas go cúramach, shocraigh an coiste gurb é 'Tionscadal Chromán na gCearc' an cur chuige is mó a fheileann d'aidhmeanna agus do chuspóirí na scéime nua.  

Obair i gcomhar atá i gceist leis an Tionscadal, arb iad Golden Eagle Trust atá i gceannas air, agus a bhfuil foireann caomhantóirí, comhairleoirí talmhaíochta agus eolaithe timpeallachta a bhfuil taithí acu tugtha le chéile lena aghaidh. Táthar chun díriú ar na bearta a chur i bhfeidhm i measc an phobail.   

Dúirt an tAire go raibh ardchaighdeán go deo ag baint leis na tograí a cuireadh faoi bhráid na Roinne mar fhreagra ar a tairiscint.   Dúirt sé go raibh ríméad air dul ar aghaidh le scéim nua Chromán na gCearc agus ghuigh sé an uile rath ar obair na Foirne. Cuid den obair sin ná na gníomhartha éagsúla atá le déanamh ag feirmeoirí sna ceantair a bhaineann le hábhar a fhorbairt i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta agus leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.    

Dúirt an tAire Creed "Toisc gur scéim áitiúil í seo, beidh feirmeoirí i measc an phobail in ann a gcuid eolais féin a chur leis. Ach a n-aontófar na téarmaí agus na coinníollacha, tosófar ag earcú feirmeoirí chun a bheith páirteach sa scéim ríthábhachtach seo."

Dúirt an tAire go bhfuil an scéim nua dírithe ar fheirmeoirí a bhfuil talamh oiriúnach acu chun na scéime agus dúirt freisin go mbeadh ioncam ag na feirmeoirí sna ceantair úd de bhreis ar an méid a fhaigheann siad ó  GLAS agus GLAS Plus, agus go raibh tábhacht leis an méid sin.  

Níl aon chinneadh déanta fós maidir le Foireann Tionscadail a cheapadh don Scéim Diúilicíní Péarla Fionnuisce.   Tá na tograí a fuarthas fós á meas agus déanfar cinneadh i dtaobh na chéad chéim eile go luath amach anseo.   

Tá buiséad €35m ar fáil san iomlán do Scéim Chromán na gCearc agus don Scéim Diúilicíní Péarla Fionnuisce araon fad a mhairfidh an Clár Forbartha Tuaithe atá anois ann. 

Dúirt an tAire Creed, "Is tionscadail phíolótacha an dá scéim seo, agus is grúpaí neamhspleácha a bheidh ina mbun, áit a mbeidh béim láidir áitiúil i gceist, mar aon le hobair i gcomhar le mo Roinnse.  Is bealach nua, cruthaitheach é seo le dul i ngleic le dúshláin agraithimpeallachta agus táimid ag tnúth le bheith ag obair lenár bpáirtithe agus tacú leo na scéimeanna a chur i bhfeidhm”. 

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 31/2017 (pdf 363Kb) 

Date Released: 28 February 2017