There were 1,791 press releases posted in the last 24 hours and 399,805 in the last 365 days.

Creed I mBun Idirphlé Sibhialta Uile-Oileánda don Earnáil Agraibhia - Plé déanta ag an Aire Stáit Doyle le lucht na hearnála gairneoireachta agus foraoiseachta

D'óstáil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle, T.D., idirphlé sibhialta Uile-Oileánda inniu chun labhairt ar na himpleachtaí a bhaineann le hImeacht na Breataine as an Aontas Eorpach don earnáil agraibhia.  Tar éis idirphlé a bheith ann cheana i mí na Nollag agus an tseachtain seo caite féin, tráth a scrúdaíodh ceisteanna a bhaineann leis na hearnálacha mairteola, déiríochta, caorach, muiceola, circeola agus iascaigh, breithníodh inniu na himpleachtaí atá ann do na hearnálacha foraoiseachta, bia réitithe tomhaltóirí, gairneoireachta agus gránaigh/bia ainmhithe. 

Ag labhairt dó tar éis an imeachta, a bhí ar siúl i mBaile Mhic Gormáin, Co. na Mí, thagair an tAire don comhairliúchán cuimsitheach atá ar bun le roinnt seachtainí: "Táim an-sásta go deo le freagairt na hearnála agraibhia, thuaidh agus theas, don tionscnamh uile-oileánda seo, trínar féidir linn mionphlé a dhéanamh ar impleachtaí Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach don earnáil agus na freagairtí a bhféadfadh gá a bheith leo de réir mar a théitear i mbun idirbheartaíochta.  Bhí an-chuid daoine i láthair arís inniu, agus b'iontach agus ba dhearfach an plé a rinne an uile dhuine a bhí bainteach leis." 

Dála seisiúin idirphlé a bhí ann roimhe seo, cumhdaíodh réimse ceisteanna, lena n-áirítear tionchar gearrthéarmach na héiginnteachta a bhaineann le cúrsaí, na dúshláin a bheidh ann i bhfad na haimsire de bharr athruithe a d'fhéadfadh teacht ar tharaifí agus ar thrádáil, ar rialacháin agus ar chaighdeáin, ar rialú na teorann agus ar theastasú. 

Chuir an tAire Stáit Doyle fáilte mhór roimh an deis atá ann tuilleadh plé a dhéanamh le hionadaithe na n-earnálacha gairneoireachta agus foraoiseachta, á rá: “Is rímhaith is eol dom faoi na dúshláin ar leith a bhaineann le hImeacht na Breataine as an Aontas Eorpach do na hearnálacha gairneoireachta agus foraoiseachta, ó tharla dlúthbhaint a bheith acu le margadh na Ríochta Aontaithe. Is cuid lárnach plé an lae inniu d'iarrachtaí an Rialtais a chinntiú go dtuigtear go hiomlán an méid atá ag déanamh tinnis do lucht na n-earnálacha úd agus go gcuirtear san áireamh é."

Agus é ag cur clabhsúir ar an gcaint, mheabhraigh an tAire Creed dá raibh i láthair a fhiúntaí a bhí imeachtaí an lae agus a oiread a chabhraigh siad leis féin agus lena Roinn ullmhú d'Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. Dúirt sé go raibh sé ag tnúth leis an bplé a bheidh sa chéad seisiún iomlán eile den Idirphlé Sibhialta Uile-Oileánda, a bheidh ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 17 Feabhra. 

Dúirt sé  “Is mian liom buíochas a ghabháil le rannpháirtithe an lae inniu agus leo siúd a ghlac páirt san idirphlé a bhí ann cheana, as cur leis an bplé fiúntach ar bhealach dearfach. Táim ag tnúth le tuilleadh plé le páirtithe leasmhara de réir mar a rachaidh an próiseas ar aghaidh sna míonna atá le teacht.” 

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 20/2017 (pdf 459Kb) 

Date Released: 09 February 2017