There were 1,774 press releases posted in the last 24 hours and 400,363 in the last 365 days.

Straitéisí d'Fhorbairt Áitiúil seolta ag an Aire Creed do sheacht gcinn de Ghrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh

Tá Straitéisí d'Fhorbairt Áitiúil seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., do na 7 nGrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG), a bunaíodh faoi Chlár Oibríochta an Chiste Eorpaigh Muirí (EMFF) agus Iascaigh, agus d'fhógair an chéad ghlaoch ar iarratais ar an gciste €12 mhilliún atá ar fáil.  

Dúirt an tAire Creed:  "Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil na Straitéisí Forbartha Áitiúla do na 7 ngrúpa FLAG foilsithe againn.   Beidh na Straitéisí seo ina dtreoir ag na grúpaí maidir leis an leas is fearr a bhaint as an gciste €12 mhilliún atá ar fáil dóibh faoi Chlár Oibríochta an EMFF.  Trí na Straitéisí céanna, cuirfear tionscadail nuálaíochta chun cinn i réigiúin na ngrúpaí agus tacófar leo. Cothófar fás eacnamaíochta agus beidh poist ann nuair a chuirfear le luach táirgí mara agus le héagsúlacht gheilleagar áitiúil na gceantar le cósta nuair a chuirfear tús le gníomhaíochtaí eacnamaíochta nua, go háirithe in earnáil na mara.   D'fhorbair na 7 ngrúpa FLAG na Straitéisí nua seo le linn 2016 agus is de bharr an-chuid anailíse agus comhairliúcháin atá siad ann. Baineann an anailís agus an comhairliúchán sin le riachtanais na bpobal atá i réigiúin chósta agus leis na deiseanna atá ann iad a fhás agus a fhorbairt."

Dúirt an tAire Creed chomh maith:  "Cúis áthais eile dom a fhógairt go bhfuil na 7 ngrúpa FLAG ag tabhairt cuireadh do phobal a réigiún féin iarratais a dhéanamh maoiniú a fháil le haghaidh tionscadal a chuireann le cuspóirí na Straitéise Forbartha Áitiúla acu.    Tá €2.4 mhilliún curtha ar fáil agam do Bhord Iascaigh Mhara in 2017, roinnfear an méid sin go hiomlán ar na tionscadail a roghnóidh na grúpaí FLAG chun tacaíochta in 2017.   Beidh €12 mhilliún san iomlán ar fáil le linn do Chlár EMFF a bheith ann." 

Cuireann maoiniú faoi Scéim FLAG leis an bPlean Gnímh d'Fhorbairt Tuaithe.  

Added 01.02.17Added 01.02.17

Nótaí d'Eagarthóirí

Seoladh Clár Oibríochta EMFF i mí Eanáir 2016.   Cuirtear maoiniú €240m faoin gClár ar fáil don earnáil bia mara (iascaigh, uisceshaothrú agus próiseas bia mara) thar an tréimhse 2014 go 2020.   An Státchiste agus an tAontas Eorpach a mhaoiníonn an Clár eatarthu.

Tar éis Próiseas Léirithe Spéise a bheith ann go luath sa bhliain 2016, d'fhógair an tAire Creed na 7 ngrúpa FLAG ar éirigh leo an 30 Lúnasa 2016.  Is cosúil tionscnamh na ngrúpaí FLAG le LEADER faoin gClár Forbartha Tuaithe, ach dírítear ar cheantair iascaigh agus uisceshaothraithe atá le cósta i gcás thionscnamh EMFF.  

An 1 Samhain 2016, d'fhógair an tAire Creed leithroinnt mhaoiniú EMFF ar na 7 ngrúpa FLAG mar seo a leanas:

Ainm an FLAG

Ceantair le cósta an Chontae

Leithroinnt EMFF

FLAG Iarthar Chiarraí

Ciarraí

€1.53 m

FLAG an Iarthair

Gaillimh, an Clár

€1.80 m

FLAG an Iarthuaiscirt 

Maigh Eo, Sligeach

€1.50 m

FLAG an Tuaiscirt

Dún na nGall

€1.95 m

FLAG an Deiscirt

Corcaigh

€1.98 m

FLAG an Oirthuaiscirt

Lú, an Mhí, Baile Átha Cliath

€1.56 m

FLAG an Oirdheiscirt

Cill Mhantáin, Loch Garman, Port Láirge

€1.68 m

 

IOMLÁN

€12 m

Déanfaidh na grúpaí FLAG deontais a dhámhachtain ar ghníomhaithe áitiúla ina gceantair féin a bheidh ag teacht lena Straitéisí Forbartha Áitiúla FLAG féin.

Cuidíonn Bord Iascaigh Mhara (BIM), an Ghníomhaireacht Forbartha Bia Mara, le grúpaí FLAG an clár seo a sheachadadh trí thacaíocht a riaradh trí dheontais i gcabhair, oiliúint agus éascú i measc an phobail. Tá comhordaitheoirí FLAG ar fáil i ngach réigiún. Breithníonn na boird FLAG gach iarratas ar thacaíocht agus roghnaíonn tionscadail chun a maoinithe.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: Added 01.02.17

Tá Straitéisí d'Fhorbairt Áitiúil seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., do na 7 nGrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG), a bunaíodh faoi Chlár Oibríochta an Chiste Eorpaigh Muirí (EMFF) agus Iascaigh, agus d'fhógair an chéad ghlaoch ar iarratais ar an gciste €12 mhilliún atá ar fáil. 

An Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, Jerry Gallagher - FLAG an Tuaiscirt, Paddy Crowe - FLAG an Iarthair, Kieran Calnan - BIM, Kevin Flannery - FLAG Iarthar Chiarraí, Finnian O'Sullivan - FLAG an Deiscirt, Garrett O'Brien - FLAG an Oirthuaiscirt, Mary Gavin - FLAG an Iarthuaiscirt  , Eibhlin O'Shea - FLAG an Deiscirt, Noel McDonagh - FLAG an Oirdheiscirt.

 

Date Released: 01 February 2017