There were 1,695 press releases posted in the last 24 hours and 413,893 in the last 365 days.

Buailte ag Creed leis an gCoimisinéir Hogan chun Athbhreithniú a Dhéanamh ar Brexit agus ar Shaincheisteanna Eile Leasú ar Phlean Forbartha Tuaithe ar tí Ceadú Deiridh a Fháil

Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, leis an gCoimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe, Phil Hogan, chun athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt saincheisteanna atá ar chlár oibre an AE faoi láthair.  Brexit an chloch ba mhó ar an bpaidrín ach pléadh raon leathan saincheisteanna ar ábhar spéise d'Éirinn iad ag an gcruinniú freisin. 

Dúirt an tAire i ndiaidh an chruinnithe: “Deis iontach a bhí ann inniu athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú san AE faoi láthair. Chomh maith le plé leathan ar Brexit agus na himpleachtAí d'earnáil agraibhia na hÉireann, bhí deis agam cúrsaí reatha i réimsí beartais éagsúla a phlé, ina measc todhchaí an CAP i ndiaidh 2020 agus áit na bhfeirmeoirí a láidriú sa slabhra soláthair bia."

D'fháiltigh an tAire go speisialta roimh leideanna ón gCoimisinéir Hogan nach fada go gceadófar an aighneacht a rinne Éire le déanaí maidir lena clár Forbartha Tuaithe a leasú. Dúirt an tAire: “Tabharfar deis dúinn tríd an gceadú deiridh atáthar ar tí a thabhairt don leasú ar an bPlean Forbartha Tuaithe leanúint ar aghaidh le roinnt gnéithe tábhachtacha den chlár, ina measc scéim bheartaithe chromán na gcearc agus scéim bheartaithe na ndiúilicíní péarla fionnuisce, agus sa réimse leasa ainmhithe. Tá ríméad orm go bhfuil deireadh tagtha leis an bpróiseas leasaithe agus táim ag súil le cur i bhfeidhm na scéimeanna seo a fheiceáil sa tréimhse amach romhainn.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire go raibh sé ag súil le coinneáil i ndlúth-theagmháil leis an gCoimisinéir Hogan agus le comhoibriú éifeachtach leanúnach a bheith ann maidir le clár oibre talmhaíochta na hÉireann agus na hEorpa a bhrú chun cinn.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 10/2017 (pdf 406Kb) 

Date Released: 27 January 2017