There were 1,868 press releases posted in the last 24 hours and 399,206 in the last 365 days.

Tosaíonn Íocaíochtaí faoin Scéim d'Fheirmeoirí Óga 2016

Dheimnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu go dtosnóidh íocaíochtaí faoin Scéim d’Fheirmeoirí Óga 2016 ar 1ú Nollaig. Chuir 8,600 feirmeoirí óga iarratais isteach faoin scéim sa bhliain 2016.

Dúirt an tAire “Tugadh an Scéim d’Fheirmeoirí Óga isteach faoin gcóras athchóirithe Íocaíochtaí Díreacha chun daoine óga, oilte a spreagadh chun teacht isteach inár tionscal talmhaíochta agus an iontráil sin a éascú dóibh. Déantar an íocaíocht seo sna blianta ríthabhachtacha tar éis dóibh an gabháltas a bhunú agus is féidir léi páirt mór a bheith aici san athnuachan talmhaíochta in Éirinn agus bonn láidir a chur ar fáil don tionscal sna blianta atá romhainn.”

Tugadh an Scéim d’Fheirmeoirí Óga isteach sa bhliain 2015 mar bhearta chun tacaíocht a thabairt d’fheirmeoirí óga faoin gComhbheartas Talmhaíochta athchóirithe. Chuir Éire 2% den uasteorainn náisiúnta do Scéim na hÍocaíochtaí Bunúsaí i leataobh chun an Scéim d’Fheirmeoirí Óga a maoiniú gach bliain ó 2015 go dtí 2019. Is é sin an céatadán is airde ceadaithe faoi na Rialacháin AE ábhartha agus cuireann sé maoiniú de €24m ar fáil don scéim in aghaidh na bliana.

Faigheann feirmeoir óg a cháilíonn íocaíocht faoin Scéim d’Fheirmeoirí Óga ar feadh uastréimhse de cúig bhliain ón mbliain ina mbunaíonn sé/sí an gabháltas ina (h)ainm fein. Gheobhaidh cuid mhór den 8,170 feirmeoir a cháiligh faoin Scéim d’Fheirmeoirí Óga sa bhliain 2015 a dara íocaíocht faoin Scéim sa bhliain 2016. Bunaítear an íocaíocht d’iarrthóirí rathúla faoin Scéim d’Fheirmeoirí Óga 2016 ar bhonn €68.54 in aghaidh na teidlíochta feidhmithe, faoi réir uastheorainn 50 teidlíocht. 

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire “is dul chun cinn dearfach maidir le todchaí talmhaíocht na hÉireann go bhfuil leibhéil arda glactha maidir leis an Scéim d’Fheirmeoirí Óga ag leanúint."

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 176/2016 (pdf 367Kb) 

Date Released: 30 November 2016