There were 1,888 press releases posted in the last 24 hours and 399,140 in the last 365 days.

Fógraíonn an tAire Creed Tosú Athbhreithnithe Eacnamaíocha ar Earnáil Rásaíocht Chapall Úma na hÉireann

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., inniu go roghnaíodh Indecon International Economic Consultants chun athbhreithniú eacnamaíoch a dhéanamh ar earnáil Rásaíocht Chapall Úma na hÉireann.

Dúirt an tAire, “I ndiadh plé ag céim comhchoiste agus ag céim an choiste den Bhille um Rásaíocht Capall Éireann 2016 glacadh leis go bpléifear athbhreithniú ar an earnáil.”

Beidh an t-athbhreithniú dírithe ar na nithe seo a leanas:

  • Luach an mhéid a dhéanann an Earnáil Rásaíocht Chapall Úma ar son shaol eacnamaíoch agus sóisialta na Tíre a mheas.
  • Measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ag an Earnáil Rásaíocht Chapall Úma chun an méid a dhéanann sí ar son gheilleagar na hÉireann a ardú.
  • Measúnú a dhéanamh ar struchtúr reatha Chumann Rásaíocht Chapall Úma na hÉireann (Irish Harness Racing Association) agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil an bord ag feidhmiú de réir phrionsabail rialachais den dea-chleachtas nó nach bhfuil. Méid, leagan amach ó thaobh scileanna agus modh ceapacháin den bhord a scrúdú chun bheith cinnte go bhfuil an eagraíocht ag feidhmiú go héifeachtach.

Rinne an tAire Creed tagairt don phróiseas comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara freisin, rud ar éascaigh a Roinn mar chuid den athbhreithniú:

“I rith an phróisis seo, tugadh deis do pháirtithe leasmhara ionchur san athbhreithniú a bheith acu. Ina thaobh seo, ghlac mo Roinn le haighneachtaí a chuirfear faoi bhráid Indecon. Bhraith mé go raibh sé an-tábhachtach go mbeidh ionchur ag páirtithe leasmhara sa phróiseas and tá lúchair orm gur ghlac an earnáil páirt ann. Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé go mbeidh níos mó rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara agus an beart ag dul ar aghaidh, más chuí.”

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed, “Caithfear athbreithniú a dhéanamh ar an dtionscal chun acmhainneacht do fhorbairt an tionscail a mheas.”

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 167/2016 (pdf 423Kb) 

Date Released: 18 November 2016