Freastalaíonn Creed ar shíniú Chonradh Chorcaí chun an Chlais Bhruscair Thoir ar Inis Sionnach a fheabhsú
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., fáilte inniu roimh shíniú conarthaí chun tús a chur le feabhas a chur ar an gClais Bhruscair Thoir mar phríomhdhíriú thionscadal feabhsúcháin Inis Sionnach.
Agus é a labhairt ag an síniú, dúirt an tAire, “Tá gliondar croí orm gur éirigh linn an próiseas tairisceana don chéim ríthábhachtach seo a thabhairt chun críche agus gur féidir linn súil a bheith againn anois leis go rachfar i ngleic leis an gcroí-obair feabhsúcháin ar Inis Sionnach. Tá an Rialtas tiomanta d’fheabhas a chur ar Inis Sionnach agus tá an Chlais Bhruscair Thoir ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí a bhfuiltear le dul i ngleic leis.”
Tá Comhairle Contae Chorcaí ag gníomhú mar ghníomhaire an Aire i bhfeabhsú Inis Sionnach. Tá an conradh á bhronnadh ag Comhairle Contae Chorcaí ar chuibhreannas atá faoi stiúir PJ Hegarty & Sons Ltd. agus conradh le haghaidh feabhsú fairsing láithreán dumpála dramhaíola na Claise Bruscair Thoir atá ann. Áireofar leis na hoibreacha gnéithe mara chun cosc a chur ar ionradh taoide chuig an suíomh, oibreacha rochtana agus bonneagair agus na hábhair dhramhaíola a chaidhpeáil chun suíomh sábháilte, cobhsaí agus oiriúnach a dhéanamh de ar mhaithe leis na húsáidí a bhainfear as amach anseo.
Lean an tAire ar aghaidh lena rá, "Féadfaimid súil a bheith leis go rachaidh na oibreacha feabhsúcháin i méid as seo amach go dtí tréimhse dhéanach in 2018. Beidh gníomhaíocht shuntasach tógála ar siúl ar an oileán, agus rachaidh sé chun mórshochair an gheilleagair áitiúil agus déanfaidh sé an tOileán a chlaochlú ina fhíor-shócmhainn náisiúnta bhonneagrach.”
Nótaí d’Eagarthóirí
D’fhaomh an Rialtas togra lena chumasú glanadh na Claise Bruscair Thoir ar Inis Sionnach in 2011. Tá Comhairle Contae Chorcaí ag gníomhú mar ghníomhaire den Aire chun an suíomh a fheabhsú. Ba iad príomh-gharspriocanna an tionscadail feabhsúcháin an t-iarratas pleanála d’oibreacha ar an gClais Bhruscair Thoir, a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Phleanála i nDeireadh Fómhair 2013 agus an t-iarratas ar cheadúnas dramhaíola, a cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil i Samhain 2013. Chuir faomhadh na n-iarratas pleanála agus ar cheadúnas dramhaíola araon, ina raibh obair chasta agus mhionsonraithe ullmhaithe i gceist, ar chumas an tionscadal sa Chlais Bhruscair Thoir a chur i gcrích. I measc na n-oibreacha cumasaithe, bhí feabhas a chur ar an mbóthar a ghabhann a fhad le hInis Sionnach agus an droichead a cheanglaíonn an Chlais Bhruscair le Rinn an Scidígh a threisiú lena ligean dramh-mhiotal trom a bhaint den suíomh agus ábhair chaidhpeála don Chlais Bhruscair Thoir a iompar.
Tá Inis Sionnach lonnaithe laistigh de Chalafort Chorcaí, idir an Cóbh (lastuaidh) agus Rinn an Scidígh (laisteas). Tá thart ar 650,000m3 de dhramhaíl ó oibreacha cruach sa Chlais Bhruscair Thoir a rinneadh a dhumpáil ar ghob gainimh i gcaitheamh tréimhse 40 bliain. Chruthaigh scartáil na n-iar-oibreacha cruach suíomh mór i lár an oileáin, chomh maith, ar féidir leas a bhaint as, ar feitheamh na n-oibreacha feabhsúchán. Is féidir an tOileán a bhaint amach ar bhóthar ó Rinn an Scidígh thar dhroichid a thrasnaíonn Oileán Chathail.
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 131/2017 (doc 132Kb)
Date Released: 10 July 2017