Osclaíonn Doyle Comhdáil Náisúnta Foraiseachta 2017
D’oscail an tUasal Andrew Doyle, TD, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach as foraoiseacht, an Chomhdháil Náisiúnta Foraoiseachta inniu, a d’eagraigh an Chónaidhm Mhargaíochta Adhmaid agus Cumann Foraoiseoirí na hÉireann, in Óstán Theach Bhaile Sheáin, an Bóthar Buí, Contae na Mí.
Ina óráid oscailte leis an gComhdháil, dúirt an tAire Stáit Doyle, “Bhí mé an-sásta le labhairt le Comhdháil Náisiúnta Foraoiseachta na maidine seo agus an deis a bheith agam chun nuashonrú a dhéanamh ar na forbairtí is déanaí atá tagtha ar bheartas Foraoiseachta na hÉireann. Sholáthair téama na bliana seo ‘Mion-Bhuaircíneacha in Éirinn’ an deis do gach páirtí leasmhar in earnáil foraoise na hÉireann chun ról mionspeicis bhuaircíneacha i bhforaoiseacht na hÉireann amach anseo a mheas agus tá sé tráthúil agus an-ábhartha araon, dá bharr.”
Luaigh an tAire Stáit gurb ionann buaircínigh agus 74% de gach foraois in Éirinn agus gurb ionann foraoisí leathanduilleacha agus an 26% eile agus luaigh sé, chomh maith, gur dheimhnigh torthaí an Fhardail Náisiúnta Foraoisí in 2012 go raibh Sprús Sitceach i gceist le breis agus 52% de gach speiceas. Luaigh an tAire Stáit, ina theannta sin, go mbraitheann an tionscal foraoiseachta agus adhmaid, a chuireann thart ar €2.3 billiún le geilleagar na hÉireann agus a thacaíonn le thart ar 12,000 post, go mór ar Sprús Sitceach agus mheas sé go bhfuil sé in am súil a chaitheamh ar roghanna eile mar bheart um bainistíocht riosca.
Dúirt sé, sa mhullach air sin, gur cuspóir den Chlár Foraoiseachta reatha, a riarann a Roinn, ná éagsúlacht speicis chrainn a spreagadh trí dheontais agus préimheanna méadaithe agus tacaíochtaí eile le haghaidh buaircínigh agus crainn leathanduilleacha fhairsinge a chur ar fáil agus thug sé chun airde an méadú a tháinig ar an gCatagóir ábhartha Dheontais agus Phréimhe (GPC4) sa Scéim reatha Deontais agus Préimhe Foraoisithe.
Thug an tAire Stáit chun airde, chomh maith, comhaontú a Roinne chun cúnamh deontais substaintiúil a sholáthar d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun tabhairt faoi obair ar chaighdeáin adhmaid agus nuálaíochta sa timpeallacht thógtha, agus luaigh sé, ina theannta sin, go mbeidh saintréithe treise roinnt speiceas a thréithriú, Giúis Dhúghlais ina measc, d’fhonn gur féidir iad a thrádáil mar adhmad struchtúrach. Mheabhraigh an tAire do thoscairí, má spreagfar úsáid níos fairsinge a bhaint as speicis ar nó Giúis Dhúghlais agus Sprús Lochlannach, is gá iad a chumasú chun iad a úsáid i bhfeidhmeanna struchtúracha i gcomhlíonadh chóras aicme threise CEN.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an gCónaidhm Mhargaíochta Adhmaid agus le Cónaidhm Foraoiseoirí na hÉireann as comhdháil iontach a chur ar bun inniu. Bhí sí faisnéiseach agus tráthúil araon agus bhí an díriú ar mhionbhuaircínigh cuimsitheach a chuimsigh gach uile rud idir speiceas a roghnú agus eispéiris leis na speicis siúd i dtíortha eile. Leanann borradh ag teacht ar earnáil foraoiseachta na hÉireann bliain ar bhliain agus baineann ríthábhacht le himeachtaí ar nós imeacht an lae inniu chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an dul chun cinn seo agus a chinntiú go bhfuil ár straitéis le haghaidh borrtha amach anseo inbhuanaithe.”
Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil:DAFMPR 93/2017 (pdf 370Kb)
Date Released: 31 May 2017